+Airteagal 115 Nósanna imeachta maidir le tuairimí, sonraíochtaí deimhniúcháin agus sonraíochtaí mionsonraithe eile, modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach a fhorbairt
---+Airteagal 115 1.
---+Airteagal 115 2.
---+Airteagal 115 3.

Airteagal 115 Nósanna imeachta maidir le tuairimí, sonraíochtaí deimhniúcháin agus sonraíochtaí mionsonraithe eile, modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach a fhorbairt

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 115 1.

Bunóidh an Bord Bainistíochta nósanna imeachta trédhearcacha chun na tuairimí, na sonraíochtaí deimhniúcháin agus sonraíochtaí mionsonraithe eile, na modhanna inghlactha comhlíonta agus an t-ábhar treorach dá dtagraítear in Airteagal 76(1) agus (3) a eisiúint. Déanfar an méid seo a leanas trí bhíthin na nósanna imeachta sin:

(a) 

leas a bhaint as an saineolas atá ar fáil in údaráis eitlíochta sibhialta agus, nuair is iomchuí, míleata, na mBallstát;

(b) 

saineolaithe iomchuí ó na páirtithe leasmhara ábhartha a thabhairt isteach, nuair is gá, nó leas a bhaint as saineolas atá ag na comhlachtaí ábhartha Eorpacha um chaighdeánú nó ag comhlachtaí speisialaithe eile;

(c) 

a áirithiú go bhfoilseoidh an Ghníomhaireacht doiciméid agus go rachaidh sí i gcomhairle go forleathan le páirtithe leasmhara, i gcomhréir le clár ama agus nós imeachta lena mbeidh oibleagáid ar an nGníomhaireacht freagra i scríbhinn a thabhairt ar an bpróiseas comhairliúcháin.

Airteagal 115 2.
Nuair a dhéanann an Ghníomhaireacht tuairimí, sonraíochtaí deimhniúcháin agus sonraíochtaí mionsonraithe eile, modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach a fhorbairt de bhun Airteagal 76(1) agus (3), bunóidh sí nós imeachta chun dul i gcomhairle leis na Ballstáit roimh ré. Féadfaidh sí, chuige sin, meitheal a bhunú a mbeidh gach Ballstát i dteideal saineolaí a ainmniú uirthi. Nuair a bheidh comhairliúchán de dhíth maidir le gnéithe míleata, rachaidh an Ghníomhaireacht, chomh maith leis na Ballstáit, i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus le saineolaithe míleata inniúla eile arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Nuair is gá dul i mbun comhairliúcháin maidir leis an tionchar sóisialta a d'fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar bhearta na Gníomhaireachta, lorgóidh an Ghníomhaireacht ionadaíocht ó chomhpháirtithe sóisialta an Aontais maille le geallsealbhóirí eile.
Airteagal 115 3.
Foilseoidh an Ghníomhaireacht na tuairimí, sonraíochtaí deimhniúcháin agus sonraíochtaí mionsonraithe eile, modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach arna fhorbairt de bhun Airteagal 76(1) agus (3) agus na nósanna imeachta arna mbunú de bhun mhír 1 den Airteagal seo i bhfoilseachán oifigiúil na Gníomhaireachta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.