|
+Airteagal 116 1. |
Airteagal 116 1.Bunóidh an Bord Bainistíochta nósanna imeachta trédhearcacha maidir le cinntí aonair a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 76(4). Déanfar an méid seo a leanas go háirithe trí bhíthin na nósanna imeachta sin:
(a)
áiritheofar go dtabharfar éisteacht don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach a bhfuiltear le díriú air sa chinneadh agus d'aon pháirtí eile a bhfuil leas díreach pearasanta aige ann;
(b)
déanfar foráil maidir le fógra a thabhairt faoin gcinneadh do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha agus maidir lena fhoilsiú, faoi réir cheanglais Airteagal 123 agus Airteagal 132(2);
(c)
déanfar foráil maidir leis an duine nádúrtha nó leis an duine dlítheanach ar a bhfuil an cinneadh dírithe agus le haon pháirtithe eile sna himeachtaí a chur ar an eolas faoi na réitigh dlí atá ar fáil dóibh faoin Rialachán seo;
(d)
áiritheofar go dtabharfar ráiteas ar na cúiseanna sa chinneadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|