+Airteagal 117 Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil
---+Airteagal 117 1.
---+Airteagal 117 2.
---+Airteagal 117 3.
---+Airteagal 117 4.
|
Airteagal 117 Clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 117 1.
|
Faoin 31 Nollaig gach bliain, i gcomhréir le pointe (c) d'Airteagal 98(2), glacfaidh an Bord Bainistíochta doiciméad clársceidealaithe ina mbeidh an clársceidealú ilbhliantúil agus bliantúil, bunaithe ar dhréacht arna chur chun tosaigh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin 6 seachtaine sula nglacfar é, agus tuairim an Choimisiúin á cur san áireamh i dtaca le clársceidealú ilbhliantúil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Cuirfidh an Bord Bainistíochta ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, agus chuig an gCoimisiún é. Tiocfaidh an doiciméad clársceidealaithe le bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh deiridh an bhuiséid ghinearálta agus, más gá, déanfar coigeartú air dá réir.
|
|
Airteagal 117 2.
|
Beidh cuspóirí mionsonraithe sa chlár oibre bliantúil agus cur síos ar na torthaí a bhfuiltear ag súil leo maille le táscairí feidhmíochta, agus cuirfear san áireamh cuspóirí an Phlean Eorpaigh um Shábháilteacht Eitlíochta. Beidh cur síos ann freisin ar na gníomhartha a bheidh le maoiniú agus tabharfar sonrú ann ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a shannfar do gach gníomh, i gcomhréir le prionsabail an bhuiséadaithe agus an bhainistithe de réir gníomhaíochtaí, agus sonrófar na gníomhaíochtaí a gheobhaidh maoiniú tríd an mbuiséad rialála agus na gníomhaíochtaí a gheobhaidh maoiniú trí tháillí agus trí mhuirir a fhaigheann an Ghníomhaireacht. Beidh an clár oibre bliantúil ar aon dul leis an gclár oibre ilbhliantúil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo. Sonrófar go soiléir ann na cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin. Áireofar sa chlársceidealú bliantúil straitéis na Gníomhaireachta i dtaca lena cuid gníomhaíochtaí i ndáil le comhar idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 90 agus gníomhartha na Gníomhaireachta a mbeidh baint acu leis an straitéis sin.
|
|
Airteagal 117 3.
|
Nuair a thabharfar tasc nua don Ghníomhaireacht, leasóidh an Bord Bainistíochta an clár oibre bliantúil a glacadh. Déanfar aon leasú substaintiúil ar an gclár oibre bliantúil a ghlacadh tríd an nós imeachta céanna lenar glacadh an clár oibre bliantúil tosaigh. Féadfaidh an Bord Bainistíochta an chumhacht leasuithe neamhshubstaintiúla a dhéanamh ar an gclár oibre bliantúil a tharmligean don Stiúrthóir Feidhmiúcháin.
|
|
Airteagal 117 4.
|
Leagfar amach sa chlár oibre ilbhliantúil an clársceidealú straitéiseach foriomlán lena n-áirítear cuspóirí, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí feidhmíochta. Leagfar amach clársceidealú acmhainní freisin, lena n-áirítear an buiséad agus an fhoireann ar bhonn ilbhliantúil. Tabharfar an clársceidealú acmhainní cothrom le dáta gach bliain. Tabharfar an clársceidealú straitéiseach cothrom le dáta nuair is iomchuí, agus go háirithe chun dul i ngleic le toradh na meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 124.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|