+Airteagal 120 Buiséad
---+Airteagal 120 1.
---+Airteagal 120 2.
---+Airteagal 120 3.
---+Airteagal 120 4.
---+Airteagal 120 5.
---+Airteagal 120 6.
---+Airteagal 120 7.
---+Airteagal 120 8.
---+Airteagal 120 9.
---+Airteagal 120 10.
---+Airteagal 120 11.
---+Airteagal 120 12.

Airteagal 120 Buiséad

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 120 1.

Gan dochar d'ioncaim eile, cuimseofar in ioncaim na Gníomhaireachta an méid seo a leanas:

(a) 

ranníocaíocht ón Aontas;

(b) 

ranníocaíocht ó aon tríú tír Eorpach a bhfuil na comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 129 tugtha i gcrích ag an Aontas léi;

(c) 

na táillí a íocann iarratasóirí ar dheimhnithe a eisíonn an Ghníomhaireacht, agus iad siúd a bhfuil deimhnithe ina seilbh acu uaithi, agus táillí a íocann daoine a bhfuil dearbhuithe cláraithe acu leis an nGníomhaireacht;

(d) 

na muirir ar phróiseáil achomharc, ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus ar aon seirbhísí eile a sholáthraíonn an Ghníomhaireacht;

(e) 

aon ranníocaíocht dheonach airgeadais ó Bhallstáit, ó thríú tíortha nó ó eintitis eile, fad agus nach gcuirfeadh an ranníocaíocht sin isteach ar neamhspleáchas agus ar neamhchlaontacht na Gníomhaireachta;

(f) 

deontais.

Airteagal 120 2.
Áireofar le caiteachas na Gníomhaireachta costais foirne, costais riaracháin, costais bonneagair agus caiteachas oibríochtúil. I dtaca le caiteachas oibríochtúil, féadfaidh gealltanais bhuiséadacha le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaireann níos mó ná 1 bhliain airgeadais amháin a mhiondealú thar roinnt blianta ina dtráthchodanna bliantúla, más gá.
Airteagal 120 3.
Beidh an t-ioncam agus an caiteachas i gcothromaíocht.
Airteagal 120 4.
Déileálfar ar leithligh i gcuntais na Gníomhaireachta le buiséid rialaitheacha, leis na táillí a shocrófar agus a bhaileofar i leith gníomhaíochtaí deimhniúcháin agus leis na muirir a ghearrann an Ghníomhaireacht.
Airteagal 120 5.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht, i rith na bliana airgeadais, a pleanáil foirne agus a bainistiú ar ghníomhaíochtaí a mhaoinítear ó acmhainní a bhaineann le táillí agus muirir a oiriúnú ar dhóigh lena gcumasófar di freagairt go gasta don ualach oibre agus do luaineachtaí na n-ioncam sin.
Airteagal 120 6.
Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréachtráiteas a tharraingt suas uair sa bhliain faoi mheastacháin ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, lena n-áirítear dréachtphlean bunaíochta, agus cuirfidh sé chuig an mBord Bainistíochta é, maille le hábhar mínitheach faoin staid bhuiséadach. Bunófar an dréachtphlean bunaíochta sin, i dtaca le poist a gheobhaidh a maoiniú trí tháillí agus muirir, ar líon teoranta táscairí arna ndearbhú ag an gCoimisiún chun ualach oibre agus éifeachtúlacht na Gníomhaireachta a thomhas, agus leagfar amach ann na hacmhainní is gá chun an t-éileamh ar dheimhniúcháin agus ar ghníomhaíochtaí eile na Gníomhaireachta a riar ar dhóigh éifeachtúil, tráthúil, lena n-áirítear iad sin a thiocfaidh as ath-leithdháileadh freagrachta i gcomhréir le hAirteagal 64 agus le hAirteagal 65.

Ar bhonn an dréachta sin, glacfaidh an Bord Bainistíochta dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais ina dhiaidh sin. Cuirfear an dréachtmheastachán sealadach ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain.

Airteagal 120 7.
Déanfaidh an Bord Bainistíochta an dréachtmheastachán deiridh ar ioncam agus caiteachas na Gníomhaireachta, lena n-áireofar dréachtphlean bunaíochta mar aon leis an gclár oibre sealadach, a chur ar aghaidh faoin 31 Márta ar a dhéanaí, chuig an gCoimisiún agus chuig na tríú tíortha Eorpacha sin a bhfuil comhaontuithe idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 129 curtha i gcrích ag an Aontas leo.
Airteagal 120 8.
Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin chuig an údarás buiséadach mar aon le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 120 9.
Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún i ndréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh na meastacháin sin a mheasann sé a bheith riachtanach don phlean bunaíochta agus do mhéid na ranníocaíochta a bhainfear as an mbuiséad ginearálta, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle é i gcomhréir le hAirteagal 313 agus le hAirteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 120 10.
Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leithreasuithe i gcomhair na ranníocaíochta don Ghníomhaireacht agus glacfaidh sé plean bunaíochta na Gníomhaireachta, agus na táscairí maidir le hualach oibre agus éifeachtúlacht na Gníomhaireachta dá dtagraítear i mír 6 á gcur san áireamh.
Airteagal 120 11.
Glacfaidh an Bord Bainistíochta an buiséad. Tiocfaidh sé chun bheith críochnaitheach tar éis ghlacadh cinntitheach bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. I gcás inarb iomchuí, déanfar é a choigeartú dá réir sin.
Airteagal 120 12.
Tabharfaidh an Bord Bainistíochta fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, a luaithe is féidir, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige a chur chun feidhme a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú an bhuiséid, go háirithe faoi aon tionscadail a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach, agus cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún. I gcás aon tionscadail foirgníochta ar dócha go mbeidh impleachtaí móra aige ar bhuiséad na Gníomhaireachta, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún ( 13 ) maidir leis.

I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag Parlaimint na hEorpa nó don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aici tuairim a thabhairt, seolfaidh sí a tuairim chuig an mBord Bainistíochta laistigh de thréimhse 6 seachtaine ó dháta fógartha an tionscadail.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.