+Airteagal 122 Calaois a chomhrac
---+Airteagal 122 1.
---+Airteagal 122 2.
---+Airteagal 122 3.
---+Airteagal 122 4.
---+Airteagal 122 5.

Airteagal 122 Calaois a chomhrac

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 122 1.
Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ) maidir leo.
Airteagal 122 2.
Aontóidh an Ghníomhaireacht don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ( 16 ) laistigh de 6 mhí ón 11 Meán Fómhair 2018 agus glacfaidh sí na forálacha iomchuí is infheidhme maidir lena foireann, agus an teimpléad atá leagtha síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin á úsáid aici chuige sin.
Airteagal 122 3.
Beidh cumhacht iniúchóireachta ag Cúirt Iniúchóirí, ar bhunús doiciméad agus iniúchtaí ar an láthair, thar gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a fuair cistí Aontais ón nGníomhaireacht.
Airteagal 122 4.
Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle ( 17 ), agus é mar aidhm acu a shocrú ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a mbeadh tionchar aige ar leas an Aontais i ndáil le deontas nó conradh arna mhaoiniú ag an nGníomhaireacht.
Airteagal 122 5.
Gan dochar do mhíreanna 1 go 4, cuimseoidh comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, conarthaí, comhaontuithe deontais agus cinntí deontais na Gníomhaireachta forálacha a thugann cumhacht go sainráite do Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF chun iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, de réir a gcuid inniúlachtaí faoi seach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.