+Airteagal 126 Táillí agus muirir
---+Airteagal 126 1.
---+Airteagal 126 2.
---+Airteagal 126 3.
---+Airteagal 126 4.

Airteagal 126 Táillí agus muirir

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 126 1.

Toibheofar táillí agus muirir i leith an méid seo a leanas:

(a) 

deimhnithe a eisíonn agus a athnuaíonn an Ghníomhaireacht agus deimhnithe a chláraíonn sí de bhun an Rialacháin seo, mar aon lena gníomhaíochtaí maoirseachta i dtaca leis na gníomhaíochtaí a mbaineann na deimhnithe agus na dearbhuithe sin leo;

(b) 

foilseacháin, oiliúint agus soláthar aon seirbhíse eile de chuid na Gníomhaireachta, lena léireofar fíorchostas gach seirbhíse a chuirfear ar fáil;

(c) 

próiseáil achomharc.

Sloinnfear gach táille agus muirear, in euro, agus beidh siad iníoctha in euro.

Airteagal 126 2.
Socrófar suim na dtáillí agus na muirear ar leibhéal a áiritheoidh gur leor i bprionsabal an t-ioncam ina leith chun costas iomlán na ngníomhaíochtaí a bhfuil baint acu leis na seirbhísí arna soláthar a chuimsiú, agus chun carnadh suntasach barrachais a sheachaint. Léireofar sa chostas sin caiteachas uile na Gníomhaireachta a chuirfear i leith na mball foirne dá dtagraítear i mír 1, go háirithe ranníocaíochtaí pro-rata an fhostóra leis an scéim pinsin. Sannfar mar ioncam don Ghníomhaireacht na táillí agus na muirir sin a bhaineann le seirbhísí a mbeidh táillí agus muirir dlite ina leith.
Airteagal 126 3.
Úsáidfear barrachais buiséid arna ghiniúint trí tháillí agus muirir chun gníomhaíochtaí a bhainfidh leis na táillí agus na muirir a bheidh ann amach anseo a mhaoiniú nó chun caillteanais a fhritháireamh. Má éiríonn toradh suntasach ar an mbuiséad athfhillteach, ar bhonn dearfach nó diúltach, déanfar athbhreithniú ar leibhéal na dtáillí agus na muirear.
Airteagal 126 4.
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht i gcomhréir le pointe (i) d'Airteagal 98(2), glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le táillí agus muirir a ghearrfaidh an Ghníomhaireacht, ina sonrófar go háirithe, na nithe a bhfuil táillí agus muirir iníoctha orthu de bhun phointe (c) agus pointe (d) d'Airteagal 120(1), suim na dtáillí agus na muirear agus an modh a n-íocfar iad. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.