+Airteagal 134 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008

Airteagal 134 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008

Airteagal 134

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 mar seo a leanas:

(1) 

in Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b) go bhfuil AOC bailí ina sheilbh aige arna eisiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( *1 ) ag údarás náisiúnta de chuid Ballstáit, ag údaráis náisiúnta éagsúla de chuid Ballstáit a ghníomhaíonn i dteannta a chéile i gcomhréir le hAirteagal 62(5) den Rialachán sin nó ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh.

(2) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

“Airteagal 6

Deimhniú aeroibreora

1.  
Braithfidh deonú ceadúnais oibríochta agus bailíocht ceadúnais oibríochta ar shealbhú AOC bailí ina sonrófar na gníomhaíochtaí a chuimsítear leis an gceadúnas oibríochta sin.
2.  
Beidh aon mhodhnú ar AOC aeriompróra Comhphobail le sonrú, más iomchuí, ar a cheadúnas oibríochta.

Cuirfidh an t-údarás a bhfuil inniúlacht air i leith an AOC in iúl don údarás ceadúnaithe inniúil a luaithe is féidir má tá aon athrú beartaithe ar an AOC.

3.  
Comhaontóidh an t-údarás a bhfuil inniúlacht air i leith an AOC agus an t-údarás ceadúnaithe inniúil bearta chun faisnéis atá ábhartha do mheasúnú agus do choinneáil an AOC agus an cheadúnais oibríochta a mhalartú go réamhghníomhach.

D'fhéadfadh sé go n-áiritheofaí leis sin, i measc nithe eile, faisnéis a bhaineann le socruithe úinéireachta, airgeadais nó eagrúcháin an aeriompróra Chomhphobail a d'fhéadfadh tionchar a bheith aici ar shábháilteacht nó ar shócmhainneacht a n-oibríochtaí nó a d'fhéadfadh a bheith ina cúnamh don údarás a bhfuil inniúlacht air i leith an AOC a chuid gníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann le sábháilteacht a chomhlíonadh. I gcás ina gcuirtear faisnéis ar fáil i modh rúin, déanfar bearta a chur ar bun chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis sin a chosaint go hiomchuí.

3a.  
Más cosúil go mbeidh gá le gníomh forfheidhmithe, rachaidh an t-údarás a bhfuil inniúlacht air i leith an AOC agus an t-údarás ceadúnaithe inniúil i gcomhairle lena chéile a luaithe is féidir sula ndéanfar an gníomh sin, agus oibreoidh siad le chéile ag iarraidh na saincheisteanna a réiteach sula ndéanfar gníomh. I gcás ina ndéantar gníomh, cuirfidh an t-údarás a bhfuil inniúlacht air i leith an AOC agus an t-údarás ceadúnaithe inniúil in iúl dá chéile a luaithe is féidir go bhfuil an gníomh déanta.”;
(3) 

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12(1):

“1.  
Clárófar aerárthaí a úsáideann aeriompróir Comhphobail, de rogha an Bhallstáit a n-eiseoidh a údarás inniúil an ceadúnas oibríochta, ina chlár náisiúnta féin nó i gclár náisiúnta Ballstáit eile. Mar sin féin, agus iad á n-úsáid faoi chomhaontú léasa thirim nó léasa fhliuch, i gcomhréir le hAirteagal 13, féadfar na haerárthaí sin a chlárú sa chlár náisiúnta de chuid Ballstáit nó de chuid tríú tír.”.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.