+Airteagal 140 Forálacha idirthréimhseacha
---+Airteagal 140 1.
---+Airteagal 140 2.
---+Airteagal 140 3.
---+Airteagal 140 4.
---+Airteagal 140 5.
---+Airteagal 140 6.
|
Airteagal 140 Forálacha idirthréimhseacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 140 1.
|
Na deimhnithe agus na sonraíochtaí sonracha aeracmhainneachta a eisíodh nó a aithníodh agus na dearbhuithe a rinneadh nó a aithníodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus a rialacha cur chun feidhme, leanfaidh siad de bheith bailí agus measfar gur eisíodh iad, go ndearnadh iad agus gur aithníodh iad de bhun fhorálacha comhfhreagracha an Rialacháin seo, lena n-áirítear chun críocha Airteagal 67 a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 140 2.
|
Tráth nach déanaí ná 12 Meán Fómhair 2023 déanfar na rialacha a nglacfar ar bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 a oiriúnú de réir an Rialacháin seo. Go dtí go gcuirfí in oiriúint iad, is mar seo a leanas a thuigfear na rialacha cur chun feidhme sin:
(a)
le “hoibríocht tráchtála” tagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 3 den Rialachán (CE) Uimh. 216/2008;
(b)
le “haerárthaí atá á gcumhachtú le mótair choimpléascacha” tagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 3 den Rialachán (CE) Uimh. 216/2008;
(c)
le “fearas” tagraítear i bpointe (29) d'Airteagal 3 den Rialachán seo;
(d)
le “ceadúnas píolóta fóillíochta” tagraítear don cheadúnas dá dtagraítear in Airteagal 7(7) den Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.
|
|
Airteagal 140 3.
|
Eiseoidh an Ghníomhaireacht, tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis theacht 11 Meán Fómhair 2018, i gcomhréir le hAirteagal 76(1) agus 76(3) den Rialachán seo, tuairimí maidir le tograí le haghaidh leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 (
20
), Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 (
21
), Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 (
22
), agus Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (
23
) agus an sonrú deimhniúcháin is infheidhme d'fhonn iad a oiriúnú, i ndáil le haerárthaí atá beartaithe go príomha lena n-úsáid don spórt agus don áineas, don Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 140 4.
|
Faoin 12 Meán Fómhair 2021, féadfaidh an Ghníomhaireacht ábhar treorach a eisiúint le haghaidh úsáid dheonach na mBallstát chun tacú le forbairt rialacha náisiúnta comhréireacha maidir leis na haerárthaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a dhearadh, a tháirgeadh, a chothabháil agus a oibriú.
|
|
Airteagal 140 5.
|
De mhaolú ar Airteagal 55 agus Airteagal 56, beidh feidhm ag forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 go fóill go dtí go dtiocfaidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 57 agus cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 57 agus Airteagal 58 den Rialachán seo i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 140 6.
|
Cuirfidh na Ballstáit deireadh le comhaontuithe déthaobhacha atá curtha i gcrích acu le tríú tíortha nó coigeartóidh siad iad, i dtaca leis na réimsí a chuimsítear sa Rialachán seo chomh luath agus is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus i gcás ar bith roimh 12 Meán Fómhair 2021.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|