+IARSCRÍBHINN III

IARSCRÍBHINN III




IARSCRÍBHINN III

Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le comhoiriúnacht chomhshaoil táirgí

1. Ní mór táirgí a dhearadh sa dóigh go laghdófar ar thorann oiread agus is féidir, agus pointe 4 á chur san áireamh.

2. Ní mór táirgí a dhearadh sa dóigh go laghdófar ar astaíochtaí oiread agus is féidir, agus pointe 4 á chur san áireamh.

3. Ní mór táirgí a dhearadh ionas go laghdófar ar na hastaíochtaí sin a eascraíonn as galú leachtanna nó sceitheadh leachtanna, agus pointe 4 á chur san áireamh.

4. Ní mór na comhbhabhtálacha sin idir bearta deartha atá ceaptha le laghdú a dhéanamh ar thorann, ar chineálacha éagsúla astaíochtaí agus ar sceitheadh leachtanna a chur san áireamh.

5. Réimse iomlán na ngnáthdhálaí oibríochtúla agus na limistéar geografach, ina dtagann torann nó astaíochtaí an aerárthaigh i gceist, cuirfear san áireamh iad nuair a bheidh leibhéil torainn agus astaíochtaí á laghdú.

6. Córais agus trealamh sin an aerárthaigh atá riachtanach chun an comhshaol a chaomhnú, ní mór iad a dhearadh, a tháirgeadh agus a chothabháil sa chaoi go bhfeidhmeoidh siad, mar atá beartaithe, faoi aon dálaí oibríochtúla ar féidir coinne a bheith leo. Ní mór a n-iontaofacht a bheith leordhóthanach don éifeacht a cheaptar a bheidh acu ar chomhoiriúnacht chomhshaoil an táirge.

7. Aon treoracha, nósanna imeachta, acmhainní, lámhleabhair, srianta agus cigireacht atá riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirge eitlíochta na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn go leanúnach, ní mór iad a bhunú agus a chur ar fáil d'úsáideoirí an táirge sin ar bhealach soiléir.

8. Ní mór do na heagraíochtaí sin atá rannpháirteach i ndearadh, i dtáirgeadh agus i gcothabháil táirgí eitlíochta:

(a) 

na hacmhainní uile a bheith acu is gá lena áirithiú go gcomhlíonfaidh táirge eitlíochta na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo; agus

(b) 

socruithe a bhunú le heagraíochtaí ábhartha eile, más gá, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirge eitlíochta na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo ar bhonn leanúnach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.