|
+IARSCRÍBHINN VI |
IARSCRÍBHINN VI
IARSCRÍBHINN VI Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le heintitis cháilithe 1. An t-eintiteas cáilithe, a Stiúrthóir agus an fhoireann atá freagrach as na cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta a dhéanamh, ní fhéadfaidh siad baint a bheith acu, go díreach ná mar ionadaithe údaraithe, le dearadh, táirgeadh, margú nó cothabháil na dtáirgí, na bpáirteanna, an trealaimh neamhshuiteáilte, na gcomhdhamhnaí nó na gcóras ná lena gcuid oibríochtaí, lena soláthar seirbhíse ná lena n-úsáid. Ní fhágann sin nach bhféadfaí faisnéis theicniúil a mhalartú idir na heagraíochtaí atá i gceist agus an t-eintiteas cáilithe. Maidir le heagraíochtaí a bunaíodh d'fhonn eitlíocht spóirt nó fóillíochta a chur chun cinn, ní chuirfidh an chéad fhomhír cosc ar iad a bheith incháilithe le haghaidh creidiúnú mar eintiteas cáilithe, ar choinníoll go léireoidh siad chun sástacht an údaráis chreidiúnaithe go bhfuil socruithe leordhóthanacha curtha i bhfeidhm acu maidir le coinbhleacht leasa a sheachaint. 2. Ní mór don eintiteas cáilithe agus don fhoireann atá freagrach as na cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta a gcuid dualgas a dhéanamh leis an oiread ionracais ghairmiúil agus is féidir agus leis an inniúlacht theicniúil is fearr agus ní mór dóibh a bheith saor ó aon bhrú nó aon dreasacht de chineál ar bith, go háirithe más de chineál airgeadais é, a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas agus ar a gcinntí nó ar thorthaí a gcuid cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta, go sonrach más ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine a ndéanann torthaí na gcúraimí sin difear dóibh, a thagann an brú nó an dreasacht sin. 3. Ní mór don eintiteas cáilithe foireann a fhostú agus an acmhainn a bheith aige chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis an bpróiseas deimhniúcháin agus maoirseachta a dhéanamh go leordhóthanach; beidh teacht aige freisin ar an trealamh is gá chun seiceálacha eisceachtúla a dhéanamh. 4. An t-eintiteas cáilithe agus an fhoireann atá freagrach as imscrúduithe a dhéanamh, beidh acu:
(a)
oiliúint theicniúil agus ghairmiúil den scoth nó saineolas leordhóthanach a fuarthas de thoradh gníomhaíochtaí ábhartha a dhéanamh;
(b)
eolas sásúil ar cheanglais na gcúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta a dhéanann siad agus taithí leordhóthanach ar na próisis sin;
(c)
an cumas is gá chun ráitis, taifid agus tuarascálacha a ullmhú ionas go léireofar gur cuireadh na cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta i gcrích. 5. Ní mór neamhchlaontacht na foirne sin atá freagrach as na cúraimí deimhniúcháin agus maoirseachta a ráthú. Ní ceadmhach go mbraithfeadh a luach saothair ar an méid imscrúduithe a dhéantar ná ar thorthaí na n-imscrúduithe sin. 6. Ní mór don eintiteas cáilithe árachas dliteanais a thógáil amach ach amháin i gcás ina ngabhann Ballstát amháin dliteanas an eintitis air féin i gcomhréir lena dhlí náisiúnta. 7. Ní mór do bhaill foirne an eintitis cáilithe rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear le linn dóibh a gcuid cúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|