|
+Airteagal 2 1. |
Airteagal 2 1.Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “airgead tirim”:
(i)
airgeadra;
(ii)
ionstraimí soshannta iompróra;
(iii)
tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha;
(iv)
cártaí réamhíoctha;
(b)
ciallaíonn “teacht isteach san Aontas nó dul amach as” teacht ó chríoch atá lasmuigh den chríoch a chumhdaítear le hAirteagal 355 CFAE isteach sa chríoch a chumhdaítear leis an Airteagal sin, nó dul amach as an gcríoch a chumhdaítear leis an Airteagal sin;
(c)
ciallaíonn “airgeadra” nótaí bainc agus monaí atá i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe, nó a bhí i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe agus is féidir a mhalartú fós trí institiúidí airgeadais nó bainc cheannais le haghaidh nótaí bainc agus monaí atá i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe;
(d)
ciallaíonn “ionstraimí soshannta iompróra” ionstraimí seachas airgeadra agus a thugann teideal dá sealbhóirí suim airgeadais a éileamh ar na ionstraimí a thíolacadh, gan a bheith de dhualgas ar an sealbhóir a aitheantas ná a haitheantas ná teideal chun na suime sin a chruthú. Is iad na hionstraimí sin:
(i)
seiceanna taistil; agus
(ii)
seiceanna, nótaí gealltanais nó orduithe airgid atá i bhfoirm iompróra, atá sínithe ach le hainm an íocaí fágtha ar lár, atá formhuinithe gan srian, atá déanta amach d’íocaí samhailteach, nó i bhfoirm eile a fhágann go n-aistrítear an teideal nuair a sheachadtar an t-airgead;
(e)
ciallaíonn “tráchtearra a úsáidtear mar stór luacha fíorleachtach” earra, mar a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, a bhfuil cóimheas ard luacha le toirt luaite leis agus is féidir a thiontú go héasca ina airgeadra trí mhargaí trádála inrochtana gan ach costais bheaga idirbhirt a thabhú;
(f)
ciallaíonn “cárta réamhíoctha” cárta neamh-ainmniúil, mar a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I, a stórálann luach airgeadais nó cistí, nó a thugann rochtain orthu, agus is féidir a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta, chun earraí nó seirbhísí a fháil nó chun airgeadra a fhuascailt agus nuair is cárta é nach bhfuil nasctha le cuntas bainc;
(g)
ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis chustaim na mBallstát agus aon údaráis eile a bhfuil cumhacht tugtha dóibh ag na Ballstáit chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm;
(h)
ciallaíonn “iompróir” aon duine nádúrtha a thagann isteach san Aontas nó a théann amach as agus a bhfuil airgead tirim ar iompar ar a sheilbh aige, ina bhagáiste nó ina chóir iompair;
(i)
ciallaíonn “airgead tirim neamhthionlactha” airgead tirim ar cuid de choinsíneacht gan iompróir é;
(j)
ciallaíonn “gníomhaíocht choiriúil” aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/849;
(k)
ciallaíonn “Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFA)” an t-eintiteas arna bhunú i mBallstát chun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2015/849 a chur chun feidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|