+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
Sainmhínithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1.
|
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “airgead tirim”:
(ii)
ionstraimí soshannta iompróra;
(iii)
tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha;
(b)
ciallaíonn “teacht isteach san Aontas nó dul amach as” teacht ó chríoch atá lasmuigh den chríoch a chumhdaítear le hAirteagal 355 CFAE isteach sa chríoch a chumhdaítear leis an Airteagal sin, nó dul amach as an gcríoch a chumhdaítear leis an Airteagal sin;
(c)
ciallaíonn “airgeadra” nótaí bainc agus monaí atá i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe, nó a bhí i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe agus is féidir a mhalartú fós trí institiúidí airgeadais nó bainc cheannais le haghaidh nótaí bainc agus monaí atá i gcúrsaíocht mar mhodh malartaithe;
(d)
ciallaíonn “ionstraimí soshannta iompróra” ionstraimí seachas airgeadra agus a thugann teideal dá sealbhóirí suim airgeadais a éileamh ar na ionstraimí a thíolacadh, gan a bheith de dhualgas ar an sealbhóir a aitheantas ná a haitheantas ná teideal chun na suime sin a chruthú. Is iad na hionstraimí sin:
(ii)
seiceanna, nótaí gealltanais nó orduithe airgid atá i bhfoirm iompróra, atá sínithe ach le hainm an íocaí fágtha ar lár, atá formhuinithe gan srian, atá déanta amach d’íocaí samhailteach, nó i bhfoirm eile a fhágann go n-aistrítear an teideal nuair a sheachadtar an t-airgead;
(e)
ciallaíonn “tráchtearra a úsáidtear mar stór luacha fíorleachtach” earra, mar a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I, a bhfuil cóimheas ard luacha le toirt luaite leis agus is féidir a thiontú go héasca ina airgeadra trí mhargaí trádála inrochtana gan ach costais bheaga idirbhirt a thabhú;
(f)
ciallaíonn “cárta réamhíoctha” cárta neamh-ainmniúil, mar a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I, a stórálann luach airgeadais nó cistí, nó a thugann rochtain orthu, agus is féidir a úsáid le haghaidh idirbhearta íocaíochta, chun earraí nó seirbhísí a fháil nó chun airgeadra a fhuascailt agus nuair is cárta é nach bhfuil nasctha le cuntas bainc;
(g)
ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis chustaim na mBallstát agus aon údaráis eile a bhfuil cumhacht tugtha dóibh ag na Ballstáit chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm;
(h)
ciallaíonn “iompróir” aon duine nádúrtha a thagann isteach san Aontas nó a théann amach as agus a bhfuil airgead tirim ar iompar ar a sheilbh aige, ina bhagáiste nó ina chóir iompair;
(i)
ciallaíonn “airgead tirim neamhthionlactha” airgead tirim ar cuid de choinsíneacht gan iompróir é;
(j)
ciallaíonn “gníomhaíocht choiriúil” aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 2015/849;
(k)
ciallaíonn “Aonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFA)” an t-eintiteas arna bhunú i mBallstát chun Airteagal 32 de Threoir (AE) 2015/849 a chur chun feidhme.
|
|
Airteagal 2 2.
|
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun aird a thabhairt ar threochtaí nua maidir le sciúradh airgid, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir (AE) 2015/849, nó maoiniú sceimhlitheoireachta, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(5) den Treoir sin, nó chun dea-chleachtais nua maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc a thabhairt san áireamh, nó chun cosc a chur ar choirpigh úsáid a bhaint as tráchtearraí a úsáidtear mar stórtha luacha fíorleachtacha, agus as cártaí réamhíoctha chun teacht timpeall ar na hoibleagáidí atá leagtha síos in Airteagal 3 agus Airteagal 4 den Rialachán seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1672
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|