+Airteagal 3 Oibleagáid airgead tirim tionlactha a dhearbhú
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
|
Airteagal 3 Oibleagáid airgead tirim tionlactha a dhearbhú
Oibleagáid airgead tirim tionlactha a dhearbhú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Iompróirí a bhfuil airgead tirim dar luach EUR 10 000 nó níos mó ar iompar acu, déanfaidh siad an t-airgead tirim sin a dhearbhú d’údaráis inniúla an Bhallstáit trína bhfuil siad ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus cuirfidh siad an t-airgead tirim ar fáil dóibh lena rialú. Ní mheasfar go mbeidh an oibleagáid airgead tirim a dhearbhú comhlíonta má sholáthraítear faisnéis mhícheart nó neamhiomlán nó mura gcuirtear an t-airgead tirim ar fáil lena rialú.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Sa dearbhú dá dtagraítear i mír 1, soláthrófar sonraí maidir leo seo a leanas:
(a)
an t-iompróir, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais;
(b)
úinéir an airgid thirim, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais, i gcás gur duine nádúrtha an t-úinéir, nó ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, uimhir chlárúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais Cánach Breisluacha (CBL) i gcás gur duine dlítheanach an t-úinéir;
(c)
i gcás ina mbeidh fáil air, faighteoir beartaithe an airgid thirim, lena n-áirítear ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus uimhir an doiciméid aitheantais, i gcás gur duine nádúrtha an faighteoir atá beartaithe, nó ainm iomlán, sonraí teagmhála, lena n-áirítear seoladh, uimhir chlárúcháin agus, i gcás ina mbeidh fáil uirthi, uimhir aitheantais CBL, i gcás i gcás gur duine dlítheanach an faighteoir atá beartaithe;
(d)
cineál agus méid nó luach an airgid thirim;
(e)
foinse eacnamaíoch an airgid thirim;
(f)
an úsáid atá beartaithe a bhaint as an airgead tirim;
|
|
Airteagal 3 3.
|
Soláthrófar na sonraí a liostaítear i mír 2 den Airteagal seo i scríbhinn nó go leictreonach agus úsáid á baint as an bhfoirm dearbhaithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 16(1). Seachadfar cóip fhormhuinithe den dearbhú nochta chuig an dearbhóir arna iarraidh sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1672
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|