+Airteagal 6 Nósanna imeachta le bheith curtha ar fáil go hiomlán ar líne
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.

Airteagal 6 Nósanna imeachta le bheith curtha ar fáil go hiomlán ar líne

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh úsáideoirí in ann rochtain a fháil ar aon nós imeachta a liostaítear in Iarscríbhinn II agus é a chur i gcrích go hiomlán ar líne ar choinníoll go bhfuil an nós imeachta ábhartha sin bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann.
Airteagal 6 2.

Measfar na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 a bheith go hiomlán ar líne i gcás inar féidir:

(a) 

sainaithint, soláthar faisnéise, fianaise agus síniú a thabhairt agus an cur isteach deiridh a dhéanamh mar seo a leanas go ndéanfar é go leictreonach i gcéin, trí chainéal seirbhíse a chuireann ar chumas úsáideoirí na ceanglais uile a bhaineann leis an nós imeachta a chomhlíonadh ar bhealach atá soláimhsithe agus ar bhealach struchtúrtha;

(b) 

ar bhealach a áirithíonn go seolfar admháil fála go huathoibríoch mura soláthrófar aschur an nós imeachta láithreach;

(c) 

i gcás ina soláthrófar aschur an nós imeachta go leictreonach freisin, ►C1  nó i gcás inar gá sin chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh, a sholáthar trí mhodhanna fisiceacha; agus ◄

(d) 

i gcás ina soláthrófar fógra leictreonach d’úsáideoirí maidir le cur i gcrích an nós imeachta.

Airteagal 6 3.
I gcásanna eisceachtúla a bhfuil bonn cirt leo agus cúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail i réimsí na slándála poiblí, na sláinte poiblí nó an chomhraic in aghaidh calaoise, i gcás nach féidir an cuspóir a shaothraítear a ghnóthú go hiomlán ar líne, is féidir leis na Ballstáit a cheangal ar úsáideoir teacht i láthair an údaráis inniúil go pearsanta mar chéim den nós imeachta. Sna cásanna eisceachtúla sin, teorannóidh na Ballstáit láithreacht fhisiciúil den sórt sin dá bhfuil fíor-riachtanach agus dá bhfuil údar léi go hoibiachtúil agus áiritheoidh siad gur féidir céimeanna eile den nós imeachta a chur i gcrích go hiomlán ar líne. Áiritheoidh na Ballstáit freisin nach dtarlóidh idirdhealú i gcoinne úsáideoirí trasteorann mar thoradh ar cheanglais láithreachta fisiciúla.
Airteagal 6 4.
Maidir leis na cásanna ina bhféadfadh gá a bheith le láithreacht fhisiciúil le haghaidh na gcéimeanna nós imeachta dá dtagraítear i mír 3 agus cásanna ina mbíonn seachadadh fisiceach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2, tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na forais agus imthosca a bhaineann leo trí stór coiteann a mbeidh rochtain ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit eile air don Choimisiún agus do na Ballstáit eile agus tabharfaidh siad míniú orthu.
Airteagal 6 5.
Ní chuirfear, leis an Airteagal seo, cosc ar na Ballstáit deis a thabhairt d’úsáideoirí nósanna imeachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2) a rochtain agus a chur i gcrích ar bhealaí eile freisin seachas ar líne, nó ar theagmháil a dhéanamh le húsáideoirí go díreach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1724
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.