+Airteagal 30 Cúraimí ghrúpa comhordaithe na►C1tairsí◄
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.

Airteagal 30 Cúraimí ghrúpa comhordaithe na►C1tairsí◄

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30 1.

Tacóidh grúpa comhordaithe na ►C1  tairsí ◄ le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfaidh sé na nithe seo a leanas go háirithe:

(a) 

malartú agus nuashonrú rialta ar na dea-chleachtais a éascú;

(b) 

úsáid nósanna imeachta atá go hiomlán ar líne a spreagadh, ar nósanna imeachta iad a théann thar a bhfuil san áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, chomh maith le modhanna fíordheimhnithe, sainaitheantais agus sínithe ar líne, go háirithe iad mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;

(c) 

feabhsuithe a phlé maidir le cur i láthair soláimhsithe faisnéise laistigh de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I, go háirithe ar bhonn na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25;

(d) 

cuidiú leis an gCoimisiún réitigh choiteanna TCF a fhorbairt lena dtacófar leis an ►C1  tairseach ◄ ;

(e) 

an dréachtchlár oibre bliantúil a phlé;

(f) 

cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an chláir oibre bhliantúil;

(g) 

faisnéis bhreise a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 a phlé d’fhonn Ballstáit eile a spreagadh chun faisnéis chomhchosúil a sholáthar, i gcás ina mbíonn sí ábhartha do na húsáideoirí;

(h) 

cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 8 go hAirteagal 16, i gcomhréir le hAirteagal 17;

(i) 

eolas a thabhairt faoi chur chun feidhme Airteagal 6(1);

(j) 

gníomhartha a phlé agus a mholadh do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún chun dúbláil neamhriachtanach na seirbhísí atá ar fáil tríd an ►C1  tairseach ◄ a sheachaint nó a dhíothú;

(k) 

tuairimí a sholáthar faoi nósanna imeachta nó bearta chun aghaidh éifeachtach a thabhairt ar aon fhadhbanna a tharraingíonn úsáideoirí anuas maidir le cáilíocht na seirbhísí, nó moltaí a sholáthar maidir le feabhsú cháilíocht na seirbhísí;

(l) 

cur i bhfeidhm phrionsabail na slándála trí dhearadh agus na príobháideachta trí dhearadh a phlé i gcomhthéacs an Rialacháin seo;

(m) 

saincheisteanna a phlé a bhaineann le bailiú aiseolas agus staidreamh úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25, chun go ndéanfar na seirbhísí a thairgtear ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a fheabhsú go leanúnach;

(n) 

plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le ceanglais cháilíochta na seirbhísí a thairgtear ar an ►C1  tairseach ◄ ;

(o) 

dea-chleachtais a mhalartú agus cabhrú leis an gCoimisiún maidir le heagrú, struchtúr agus cur i láthair na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), chun dea-fheidhmiú an chomhéadain choitinn úsáideora a chumasú;

(p) 

cabhrú leis an gcur chun cinn comhordaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(q) 

obair i gcomhar le comhlachtaí rialachais nó seirbhísí na líonraí faisnéise agus cúnaimh nó réitigh fadhbanna;

(r) 

treoir a thabhairt maidir le teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla breise an Aontais a úsáidfidh na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagail 9(2), 10(4) agus 11(2), agus pointe (a) d’Airteagal 13(2).

Airteagal 30 2.
Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle le grúpa chomhordaithe na ►C1  tairsí ◄ i dtaca le hábhar ar bith a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1724
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.