|
+Airteagal 30 1. |
Airteagal 30 1.Tacóidh grúpa comhordaithe na ►C1 tairsí ◄ le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfaidh sé na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
malartú agus nuashonrú rialta ar na dea-chleachtais a éascú;
(b)
úsáid nósanna imeachta atá go hiomlán ar líne a spreagadh, ar nósanna imeachta iad a théann thar a bhfuil san áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, chomh maith le modhanna fíordheimhnithe, sainaitheantais agus sínithe ar líne, go háirithe iad mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014;
(c)
feabhsuithe a phlé maidir le cur i láthair soláimhsithe faisnéise laistigh de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn I, go háirithe ar bhonn na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 24 agus Airteagal 25;
(d)
cuidiú leis an gCoimisiún réitigh choiteanna TCF a fhorbairt lena dtacófar leis an ►C1 tairseach ◄ ;
(e)
an dréachtchlár oibre bliantúil a phlé;
(f)
cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an chláir oibre bhliantúil;
(g)
faisnéis bhreise a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 a phlé d’fhonn Ballstáit eile a spreagadh chun faisnéis chomhchosúil a sholáthar, i gcás ina mbíonn sí ábhartha do na húsáideoirí;
(h)
cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 8 go hAirteagal 16, i gcomhréir le hAirteagal 17;
(i)
eolas a thabhairt faoi chur chun feidhme Airteagal 6(1);
(j)
gníomhartha a phlé agus a mholadh do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún chun dúbláil neamhriachtanach na seirbhísí atá ar fáil tríd an ►C1 tairseach ◄ a sheachaint nó a dhíothú;
(k)
tuairimí a sholáthar faoi nósanna imeachta nó bearta chun aghaidh éifeachtach a thabhairt ar aon fhadhbanna a tharraingíonn úsáideoirí anuas maidir le cáilíocht na seirbhísí, nó moltaí a sholáthar maidir le feabhsú cháilíocht na seirbhísí;
(l)
cur i bhfeidhm phrionsabail na slándála trí dhearadh agus na príobháideachta trí dhearadh a phlé i gcomhthéacs an Rialacháin seo;
(m)
saincheisteanna a phlé a bhaineann le bailiú aiseolas agus staidreamh úsáideoirí dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25, chun go ndéanfar na seirbhísí a thairgtear ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a fheabhsú go leanúnach;
(n)
plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le ceanglais cháilíochta na seirbhísí a thairgtear ar an ►C1 tairseach ◄ ;
(o)
dea-chleachtais a mhalartú agus cabhrú leis an gCoimisiún maidir le heagrú, struchtúr agus cur i láthair na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2), chun dea-fheidhmiú an chomhéadain choitinn úsáideora a chumasú;
(p)
cabhrú leis an gcur chun cinn comhordaithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme;
(q)
obair i gcomhar le comhlachtaí rialachais nó seirbhísí na líonraí faisnéise agus cúnaimh nó réitigh fadhbanna;
(r)
treoir a thabhairt maidir le teanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla breise an Aontais a úsáidfidh na húdaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagail 9(2), 10(4) agus 11(2), agus pointe (a) d’Airteagal 13(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|