3. Faoin 30 Bealtaine 2021, áiritheoidh na Ballstáit go n-aisghairfear aon cheanglas logánaithe sonraí atá ann cheana, a leagtar síos i bhforáil reachtaíochta, rialúchán nó riaracháin de chineál ginearálta agus nach bhfuil i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.
Faoin 30 Bealtaine 2021, má mheasann Ballstát go bhfuil bearta atá ann cheana in bhfuil ceanglas logánaithe sonraí i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus gur féidir leis, ar an ábhar sin, fanacht i bhfeidhm, déanfaidh sé an beart sin a chur in iúl don Choimisiún, mar aon le bonn cirt leis an gceanglas sin a choinneáil i bhfeidhm. Gan dochar d'Airteagal 258 CFAE, déanfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse 6 mhí ón dáta a gcuirtear an méid sin in iúl dó, scrúdú ar a mhéid a chomhlíonann an beart sin mír 1 den Airteagal seo agus déanfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, a bharúlacha a chur in iúl don Bhallstát i dtrácht, lena n-áirítear, i gcás inar gá, trína mholadh go ndéanfaí an beart a leasú nó a aisghairm.