+Airteagal 5 Infhaighteacht sonraí d'údaráis inniúla
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
|
Airteagal 5 Infhaighteacht sonraí d'údaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chumhachtaí na n-údarás inniúil rochtain ar shonraí a iarraidh nó a fháil chun a ndualgais oifigiúla a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ní fhéadfar rochtain ar shonraí d'údaráis inniúla a dhiúltú ar an mbonn go ndéantar na sonraí a phróiseáil i mBallstát eile.
|
|
Airteagal 5 2
|
2. I gcás, tar éis dó rochtain ar shonraí úsáideora a iarraidh, nach bhfaighidh údarás inniúil rochtain agus murab ann d'aon sásra comhair sonrach faoi dhlí an Aontais nó faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta maidir le sonraí a mhalartú idir údaráis inniúla de chuid Ballstáit éagsúla, féadfaidh an t-údarás inniúil sin cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil i mBallstát eile i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 7.
|
|
Airteagal 5 3
|
3. I gcás ina bhfágfaidh iarraidh ar chúnamh go bhfaighidh an t-údarás iarrtha rochtain ar aon áitreabh de chuid duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear ar threalamh agus modhanna próiseála sonraí ar bith, ní mór rochtain den sórt sin a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí nós imeachta náisiúnta.
|
|
Airteagal 5 4
|
4. Féadfaidh na Ballstáit pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur mar gheall ar mhainneachtain oibleagáid a chomhlíonadh maidir le sonraí a sholáthar, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
I gcás mí-úsáid ceart ag úsáideoir, féadfaidh Ballstát, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an méid sin de bharr a phráinní atá sé rochtain a dhéanamh ar na sonraí agus leasanna na bpáirtithe lena mbaineann á gcur san áireamh, bearta eatramhacha atá go hiomlán comhréireach a fhorchur ar an úsáideoir sin. Má fhorchuireann beart eatramhach athlogánú sonraí ar feadh tréimhse atá níos faide ná 180 lá tar éis an t-athlogánú a dhéanamh, déanfar an méid sin a chur in iúl don Choimisiún laistigh den tréimhse 180 lá sin. Déanfaidh an Coimisiún, laistigh den achar ama is giorra is féidir, scrúdú ar an mbeart agus ar a chomhoiriúnacht le dlí an Aontais, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé na bearta is gá. Déanfaidh an Coimisiún faisnéis faoin taithí a fuarthas i ndáil leis sin a mhalartú le pointí teagmhála aonair na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 7.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.11.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1807
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|