|
+Airteagal 3 2. |
Airteagal 3 2.Beidh na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhdhéanta de na príomhchodanna seo a leanas:
(a)
forléargas ar an bpróiseas a leanadh chun an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhunú a bheidh comhdhéanta d'achoimre feidhmiúcháin, tuairisc ar an gcomhairliúchán poiblí le páirtithe leasmhara agus a rannpháirtíocht agus ar na torthaí a bhí orthu, agus ar chomhar réigiúnach le Ballstáit eile in ullmhú an phlean, mar a bhunaítear in Airteagail 10, 11 agus 12 agus i bpointe 1 de Roinn A de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I;
(b)
tuairisc ar chuspóirí, ar spriocanna agus ar rannchuidithe náisiúnta a bhaineann leis na gnéithe den Aontas Fuinnimh, mar a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Iarscríbhinn I;
(c)
tuairisc ar na beartais agus ar na bearta a bheartaítear maidir leis na cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe comhfhreagracha a leagtar amach faoi phointe (b) mar aon le forléargas ginearálta ar an infheistíocht is gá a dhéanamh chun na cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe comhfhreagracha a chomhlíonadh;
(d)
tuairisc ar staid reatha na gcúig ghné den Aontas Fuinnimh lena n-áirítear maidir leis an gcóras fuinnimh agus astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa mar aon le réamh-mheastacháin maidir leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) mar aon le beartais agus bearta atá ann cheana;
(e)
i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na bacainní agus constaicí rialála agus neamh-rialála ar na cuspóirí, spriocanna, nó rannchuidithe a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a ghnóthú;
(f)
measúnú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a bhaint amach, lena n-áirítear a gcomhsheasmhacht le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, agus leis na cuspóirí fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi Chomhaontú Pháras agus leis na straitéisí fadtéarmacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo;
(g)
measúnú ginearálta ar thionchair na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe maidir le hiomaíochas a bhaineann leis na cúig ghné den Aontas Fuinnimh;
(h)
iarscríbhinn, arna tarraingt suas i gcomhréir leis na ceanglais agus an struchtúr a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, ina leagtar amach modheolaíochtaí agus bearta beartais an Bhallstáit chun an ceanglas maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2012/27/AE agus Iarscríbhinn V a ghabhann léi. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|