+Airteagal 3 Pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
|
Airteagal 3 Pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2019, agus faoin 1 Eanáir 2029 ina dhiaidh sin, agus gach deich mbliana ina dhiaidh sin arís, déanfaidh gach Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún faoi phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Áireofar sna pleananna na heilimintí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus in Iarscríbhinn I. Cumhdóidh an chéad phlean an tréimhse ó 2021 go 2030, agus an pheirspictíocht fhadtéarmach á cur san áireamh. Cumhdóidh na pleananna ina dhiaidh sin an tréimhse deich mbliana díreach i ndiaidh dheireadh na tréimhse lena mbaineann an plean roimhe.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Beidh na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhdhéanta de na príomhchodanna seo a leanas:
(a)
forléargas ar an bpróiseas a leanadh chun an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhunú a bheidh comhdhéanta d'achoimre feidhmiúcháin, tuairisc ar an gcomhairliúchán poiblí le páirtithe leasmhara agus a rannpháirtíocht agus ar na torthaí a bhí orthu, agus ar chomhar réigiúnach le Ballstáit eile in ullmhú an phlean, mar a bhunaítear in Airteagail 10, 11 agus 12 agus i bpointe 1 de Roinn A de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I;
(b)
tuairisc ar chuspóirí, ar spriocanna agus ar rannchuidithe náisiúnta a bhaineann leis na gnéithe den Aontas Fuinnimh, mar a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Iarscríbhinn I;
(c)
tuairisc ar na beartais agus ar na bearta a bheartaítear maidir leis na cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe comhfhreagracha a leagtar amach faoi phointe (b) mar aon le forléargas ginearálta ar an infheistíocht is gá a dhéanamh chun na cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe comhfhreagracha a chomhlíonadh;
(d)
tuairisc ar staid reatha na gcúig ghné den Aontas Fuinnimh lena n-áirítear maidir leis an gcóras fuinnimh agus astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa mar aon le réamh-mheastacháin maidir leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) mar aon le beartais agus bearta atá ann cheana;
(e)
i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na bacainní agus constaicí rialála agus neamh-rialála ar na cuspóirí, spriocanna, nó rannchuidithe a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a ghnóthú;
▼M2
(f)
measúnú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo a bhaint amach, lena n-áirítear a gcomhsheasmhacht le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, agus leis na cuspóirí fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi Chomhaontú Pháras agus leis na straitéisí fadtéarmacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 15 den Rialachán seo;
▼B
(g)
measúnú ginearálta ar thionchair na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe maidir le hiomaíochas a bhaineann leis na cúig ghné den Aontas Fuinnimh;
(h)
iarscríbhinn, arna tarraingt suas i gcomhréir leis na ceanglais agus an struchtúr a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, ina leagtar amach modheolaíochtaí agus bearta beartais an Bhallstáit chun an ceanglas maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2012/27/AE agus Iarscríbhinn V a ghabhann léi.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Maidir lena bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:
(a)
teorainn a chur le castacht riaracháin agus costais do na geallsealbhóirí ábhartha uile;
(b)
na hidirnaisc idir na cúig ghné den Aontas Fuinnimh a chur san áireamh, go háirithe bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh;
(c)
úsáid a bhaint as sonraí agus toimhdí láidre agus comhsheasmhacha ar fud na gcúig ghné i gcás inarb ábhartha;
(d)
líon na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh a mheas, agus aird á tabhairt acu ar na seirbhísí fuinnimh intíre is gá chun bunchaighdeáin mhaireachtála sa chomhthéacs náisiúnta ábhartha a ráthú, ar an mbeartas sóisialta atá ann cheana agus beartais ábhartha eile, agus ar threoir tháscach ón gCoimisiún maidir le táscairí ábhartha maidir le bochtaineacht fuinnimh.
I gcás ina bhfaigheadh Ballstát amach, de bhun phointe (d) den chéad fhomhír, go bhfuil líon suntasach teaghlach i mbochtaineacht fuinnimh sa Bhallstát sin, ar bhonn a mheasúnaithe bunaithe ar shonraí infhíoraithe, déanfaidh sé cuspóir táscach náisiúnta chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú a chur san áireamh ina phlean. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann a léiriú ina gcuid pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, beartais agus bearta lena dtabharfar aghaidh ar an mbochtaineacht fuinnimh, más ann di, lena n-áirítear bearta maidir le beartais shóisialta agus cláir náisiúnta ábhartha eile.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Déanfaidh gach Ballstát a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin de bhun an Airteagail seo a chur ar fáil don phobal.
|
|
Airteagal 3 5.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun pointí 2.1.1 agus 3.1.1 de Roinn A agus 4.1 agus 4.2.1 de Roinn B de Chuid 1, agus pointe 3 de Chuid 2 d'Iarscríbhinn I a leasú, chun críocha iad a oiriúnú do leasuithe ar chreat beartais Fuinnimh agus Aeráide an Aontais atá bainteach go díreach agus go sonrach le rannchuidithe an Aontais faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|