+Airteagal 5 Próiseas socraithe rannchuidiú na mBallstát i réimse an fhuinnimh in-athnuaite
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
|
Airteagal 5 Próiseas socraithe rannchuidiú na mBallstát i réimse an fhuinnimh in-athnuaite
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Agus a rannchuidiú á shocrú aige maidir lena sciar d'fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030 agus sa bhliain dheiridh den tréimhse atá cumhdaithe le haghaidh na bpleananna náisiúnta ina dhiaidh sin, de bhun phointe (a)(2) d'Airteagal 4, cuirfidh gach Ballstát na nithe seo uile a leanas san áireamh:
(a)
na bearta dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2018/2001;
(b)
na bearta a glacadh chun an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach a glacadh de bhun Threoir 2012/27/AE;
(c)
aon bhearta eile atá ann cheana chun fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn laistigh den Bhallstát agus, i gcás inarb ábhartha, ar leibhéal an Aontais;
(d)
an sprioc cheangailteach náisiúnta do 2020 maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite ina olltomhaltas deiridh fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001;
(e)
aon imthosca ábhartha a dhéanann difear d'úsáid fuinnimh in-athnuaite, amhail:
(i)
dáileadh cothrom na húsáide ar fud an Aontais;
(ii)
dálaí eacnamaíocha agus acmhainneacht eacnamaíoch, lena n-áirítear OTI per capita;
(iii)
acmhainneacht maidir le húsáid chostéifeachtach fuinnimh in-athnuaite;
(iv)
srianta geografacha, comhshaoil agus nádúrtha, lena n-áirítear srianta na limistéar agus na réigiún nach bhfuil idirnasctha;
(v)
an leibhéal idirnaisc cumhachta atá idir na Ballstáit;
(vi)
imthosca ábhartha eile, go háirithe iarrachtaí luatha.
Maidir le pointe (e) den chéad fhomhír, déanfaidh gach Ballstát a léiriú ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cad iad na himthosca ábhartha a dhéanann difear d'úsáid fuinnimh in-athnuaite atá curtha san áireamh aige.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit i dteannta a chéile gurb ionann suim a rannchuidithe agus leibhéal sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 ar a laghad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|