+CAIBIDIL 2 Pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
---+Airteagal 3 Pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
------+Airteagal 3 3.
------+Airteagal 3 4.
------+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 4 Cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe náisiúnta le haghaidh na gcúig ghné den Aontas Fuinnimh
---+Airteagal 5 Próiseas socraithe rannchuidiú na mBallstát i réimse an fhuinnimh in-athnuaite
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 6 Próiseas chun rannchuidiú na mBallstát a shocrú i réimse na héifeachtulachta fuinnimh
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 7 Beartais agus bearta náisiúnta maidir le gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh
---+Airteagal 8 Bonn anailíse na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 2.
------+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 9 Dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
------+Airteagal 9 3.
------+Airteagal 9 4.
---+Airteagal 10 Comhairliúchán poiblí
---+Airteagal 11 Idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus fuinneamh
---+Airteagal 12 Comhar réigiúnach
------+Airteagal 12 1.
------+Airteagal 12 2.
------+Airteagal 12 3.
------+Airteagal 12 4.
------+Airteagal 12 5.
------+Airteagal 12 6.
------+Airteagal 12 7.
------+Airteagal 12 8.
---+Airteagal 13 Measúnú na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
---+Airteagal 14 An plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thabhairt cothrom le dáta
------+Airteagal 14 1.
------+Airteagal 14 2.
------+Airteagal 14 3.
------+Airteagal 14 4.
------+Airteagal 14 5.
------+Airteagal 14 6.
------+Airteagal 14 7.
|
CAIBIDIL 2 Pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
CAIBIDIL 2 Pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 Pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
|
|
|
Airteagal 4 Cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe náisiúnta le haghaidh na gcúig ghné den Aontas Fuinnimh
|
Airteagal 4
Cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe náisiúnta le haghaidh na gcúig ghné den Aontas Fuinnimh
Déanfaidh gach Ballstát a leagan amach ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na príomhchuspóirí, na príomhspriocanna agus na rannchuidithe príomha, mar atá sonraithe i bpointe 2 de roinn A d'Iarscríbhinn I:
(a)
maidir leis an ngné “Dícharbónú”:
(1)
maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus d'fhonn cuidiú le baint amach na sprice ó thaobh laghdú ar astaíocht gás ceaptha teasa an Aontais ar fud an gheilleagair:
(i)
sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus na teorainneacha ceangailteacha bliantúla náisiúnta de bhun Rialachán (AE) 2018/842;
▼M3
(ii)
maidir le gealltanais agus spriocanna náisiúnta an Bhallstát i ndáil le haistrithe astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Airteagal 4(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/841;
▼B
(iii)
i gcás inarb infheidhme chun cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh agus gealltanais fhadtéarmacha an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhréir le Comhaontú Pháras, cuspóirí agus spriocanna eile, lena n-áirítear spriocanna earnála agus spriocanna oiriúnaithe, a bhaint amach.
▼M5
(2)
maidir le fuinneamh in-athnuaite:
D’fhonn sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a bhaint amach, sprioc a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001, rannchuidiú leis an sprioc sin ó thaobh sciar an Bhallstáit d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030, maille le conair tháscach le haghaidh an rannchuidithe sin ó 2021 ar aghaidh. Faoi 2022, sroichfear, leis an gconair tháscach, pointe tagartha ar luach 18 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit sin do 2020 agus a rannchuidiú le sprioc 2030. Faoi 2025, sroichfear, leis an gconair tháscach, pointe tagartha dar luach 43 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit sin do 2020 agus a rannchuidiú le sprioc 2030. Faoi 2027, sroichfear, leis an gconair tháscach, pointe tagartha dar luach 65 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit sin do 2020 agus a rannchuidiú le sprioc 2030.
Faoi 2030, sroichfear, leis an gconair tháscach, ar a laghad rannchuidiú beartaithe an Bhallstáit. I gcás ina bhfuil an Ballstát ag súil leis go sáróidh sé sprioc cheangailteach náisiúnta 2020, féadfar tús a chur ar an gconair tháscach ar pé leibhéal is réamh-mheasta di. Maidir le conairí táscacha na mBallstát, i dteannta a chéile, ní mór gurb ionann iad agus pointí tagartha an Aontais in 2022, 2025 agus 2027 agus sprioc cheangailteach an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001. Ar leithligh óna rannchuidiú le sprioc an Aontais agus óna chonair tháscach chun críocha an Rialacháin seo, beidh Ballstát saor chun uaillmhianta níos mó a shonrú chun críocha an bheartais náisiúnta;
▼B
(b)
maidir leis an ngné “Éifeachtúlacht Fuinnimh”:
(1)
an rannchuidiú táscach d'éifeachtúlacht fuinnimh náisiúnta maidir le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais eadhon 32.5 % ar a laghad in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 3(5) de Threoir 2012/27/AE, bunaithe ar thomhaltas fuinnimh príomhúil nó deiridh, nó coigilteas fuinnimh phríomhúil nó deiridh, nó déine fuinnimh.
Cuirfidh na Ballstáit a rannchuidiú féin in iúl ó thaobh leibhéal absalóideach de thomhaltas príomhúil fuinnimh agus de thomhaltas deiridh fuinnimh in 2020, agus ó thaobh leibhéal absalóideach de thomhaltas príomhúil fuinnimh agus de thomhaltas deiridh fuinnimh in 2030, mar aon le conair tháscach maidir leis an rannchuidiú sin ó 2021 ar aghaidh. Déanfaidh siad a modheolaíocht bhunúsach agus na fachtóirí tiontaithe a úsáidtear a mhíniú;
(2)
méid carnach an choigiltis úsáid deiridh fuinnimh atá le baint amach sa tréimhse 2021-2030 faoi phointe (b) d'Airteagal 7(1) maidir leis na hoibleagáidí coigiltis fuinnimh de bhun Threoir 2012/27/AE;
(3)
garspriocanna táscacha na straitéise fadtéarmaí le haghaidh stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, an treochlár lena bhfuil táscairí dul chun cinn intomhaiste a bhunaítear ar bhonn intíre, meastachán fianaisebhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta lena bhfuiltear ag súil, agus na rannchuidithe le spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh de bhun Threoir 2012/27/AE i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE;
(4)
an t-achar urláir iomlán atá le hathchóiriú nó coigilteas fuinnimh bhliantúla coibhéiseacha atá le baint amach ó 2021 go 2030 faoi Airteagal 5 de Threoir 2012/27/AE maidir le ról eiseamláireach fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí;
(c)
maidir leis an ngné “Slándáil Fuinnimh”:
(1)
spriocanna náisiúnta i ndáil le:
—
méadú a dhéanamh ar éagsúlú foinsí fuinnimh agus ar sholáthar ó thríú tíortha, a d'fhéadfadh a bheith chun críche laghdú a dhéanamh ar spleáchas ar allmhairiú fuinnimh;
—
méadú a dhéanamh ar sholúbthacht an chórais náisiúnta fuinnimh, agus
—
aghaidh a thabhairt ar sholáthar srianta nó briste ó fhoinse fuinnimh, chun athléimneacht na gcóras réigiúnach agus náisiúnta fuinnimh a fheabhsú, lena n-áirítear tráthchlár inar gá na cuspóirí a bhaint amach;
(d)
maidir leis an ngné “An Margadh Inmheánach Fuinnimh”:
(1)
an leibhéal idirnascthachta leictreachais a bhfuil sé mar chuspóir ag an mBallstát é a bheith bainte amach aige in 2030 i gcomhthéacs an sprice idirnascthachta 15 % ar a laghad do 2030, le straitéis lena ndéantar an leibhéal ó 2021 ar aghaidh a shainiú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, agus aird á tabhairt ar sprioc idirnascachta 10 % agus ar na táscairí maidir le práinn na gníomhaíochta bunaithe ar dhifreálach praghsanna sa mhargadh mórdhíola, ar chumas tarchuradóireachta ainmniúil na n-idirnascairí i gcomparáid lena mbuaiclód agus le toilleadh giniúint in-athnuaite atá suiteáilte mar a leagtar amach i bpointe 2.4.1 de Roinn A de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I. Beidh gach idirnascaire nua faoi réir anailís costais is tairbhe socheacnamaíoch agus comhshaoil agus ní chuirfear iad chun feidhme ach i gcás inar mó na tairbhí féideartha ná na costais;
(2)
tionscadail ríthábhachtacha bonneagair tarchurtha leictreachais agus gáis, agus, i gcás inarb ábhartha, tionscadail ábhartha nuachóirithe, a bhfuil gá leo chun cuspóirí agus spriocanna faoi na cúig ghné den Aontas Fuinnimh a bhaint amach;
(3)
cuspóirí náisiúnta a bhaineann le gnéithe eile den mhargadh inmheánach fuinnimh amhail: solúbthacht an chórais a mhéadú, go háirithe trí bheartais agus bearta a bhaineann le praghasmhúnlú margadhbhunaithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme; comhthathú margaidh agus cúpláil mhargaidh, arb é is aidhm leo acmhainn intrádála na n-idirnascairí atá ann cheana, eangacha cliste, comhiomlánú, freagairt don éileamh, stóráil, giniúint dáilte, sásraí maidir le seoladh, athsheoladh agus ciorrú agus comharthaí fíor-ama praghsála a mhéadú, lena n-áirítear tráthchlár don uair atá na cuspóirí le baint amach, agus cuspóirí náisiúnta eile a bhaineann leis an margadh inmheánach fuinnimh mar a leagtar amach i bpointe 2.4.3 de Roinn A de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I;
(e)
maidir leis an ngné “Taighde, Nuálaíocht agus Iomaíochas”:
(1)
cuspóirí náisiúnta agus spriocanna cistiúcháin do thaighde agus nuálaíocht phoiblí agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, do thaighde agus nuálaíocht phríobháideach a bhaineann leis an Aontas Fuinnimh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tráthchlár don uair gur cheart na cuspóirí a bhaint amach; ag léiriú thosaíochtaí Straitéis an Aontais Fuinnimh agus, i gcás inarb ábhartha, ag léiriú thosaíochtaí Phlean-SET. Agus a chuid cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe á leagan amach aige, féadfaidh an Ballstát cur leis na straitéisí nó pleananna náisiúnta atá ann cheana agus atá comhoiriúnach le dlí an Aontais;
(2)
i gcás ina bhfuil siad ar fáil, cuspóirí náisiúnta do 2050 a bhaineann le teicneolaíochtaí glana fuinnimh a chur chun cinn.
|
|
Airteagal 5 Próiseas socraithe rannchuidiú na mBallstát i réimse an fhuinnimh in-athnuaite
|
|
|
Airteagal 6 Próiseas chun rannchuidiú na mBallstát a shocrú i réimse na héifeachtulachta fuinnimh
|
|
|
Airteagal 7 Beartais agus bearta náisiúnta maidir le gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh
|
Airteagal 7
Beartais agus bearta náisiúnta maidir le gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh
Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar na príomhbheartais agus na príomhbhearta atá ann cheana agus beartais agus bearta atá beartaithe go háirithe chun na cuspóirí a leagtar amach sa phlean náisiúnta a bhaint amach, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na bearta lena bhforáiltear do chomhar réigiúnach agus maoiniú cuí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, lena n-áirítear úsáid a bhaint as cláir agus ionstraimí an Aontais.
Déanfaidh na Ballstáit forléargas ginearálta a sholáthar maidir leis an infheistíocht is gá a dhéanamh chun na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe a leagtar amach sa phlean náisiúnta a bhaint amach, mar aon le measúnú ginearálta ar fhoinsí na hinfheistíochta sin.
|
|
Airteagal 8 Bonn anailíse na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
|
|
|
Airteagal 9 Dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
|
|
|
Airteagal 10 Comhairliúchán poiblí
|
Airteagal 10
Gan dochar d'aon cheanglais dlí eile de chuid an Aontais, áiritheoidh gach Ballstát go dtabharfar deiseanna luatha éifeachtacha don phobal a bheith rannpháirteach in ullmhú an dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide – maidir leis na pleananna don tréimhse ó 2021 go 2030, in ullmhú an dréachtphlean i bhfad sula nglacfar é – chomh maith le hullmhú na straitéisí fadtéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 15. Ceanglóidh gach Ballstát achoimre ar thuairimí an phobail nó ar thuairimí sealadacha an phobail le tíolacadh na ndoiciméad sin don Choimisiún. A mhéid is atá Treoir 2001/42/CE infheidhme, measfar i gcás comhairliúcháin a dhéanfar ar an dréacht i gcomhréir leis an Treoir sin, go sásaíonn siad na hoibleagáidí maidir le dul i gcomhairle leis an bpobal faoin Rialachán seo.
Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar an pobal a chur ar an eolas. Leagfaidh gach Ballstát tréimhsí ama réasúnta amach sa chaoi go mbeidh am leordhóthanach ann an pobal a chur ar an eolas agus sa chaoi go mbeidh a dhóthain ama ag an bpobal a bheith rannpháirteach agus a chuid tuairimí a chur in iúl.
Cuirfidh gach Ballstát teorainn le castacht riaracháin agus an tAirteagal seo á chur chun feidhme aige.
|
|
Airteagal 11 Idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus fuinneamh
|
Airteagal 11
Idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus fuinneamh
Déanfaidh gach Ballstát idirphlé il-leibhéil a bhunú maidir leis an aeráid agus fuinneamh de bhun na rialacha náisiúnta, ina mbeidh údaráis áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lucht gnó, infheisteoirí agus scairshealbhóirí eile agus an pobal i gcoitinne in ann a bheith páirteach go gníomhach i mbaint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus sna cásanna éagsúla atá beartaithe do bheartais fuinnimh agus aeráide agus an méid sin a phlé, lena n-áirítear ar bhonn fadtéarmach, agus athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn, mura bhfuil struchtúr chun na críche céanna ann cheana. Féadfar plé a dhéanamh ar phleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide laistigh de chreat den chineál sin.
|
|
Airteagal 12 Comhar réigiúnach
|
|
|
Airteagal 13 Measúnú na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
|
Airteagal 13
Measúnú na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
Ar bhonn na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus ar na nuashonruithe orthu, arna bhfógairt de bhun Airteagail 3 agus 14, déanfaidh an Coimisiún measúnú, go háirithe, ar an méid seo a leanas:
(a)
an leor iad na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuiduithe chun cuspóirí comhchoiteanna an Aontais Fuinnimh a bhaint amach agus, sa chéad tréimhse deich mbliana go háirithe, spriocanna Chreat Aeráide agus Fuinnimh 2030 an Aontais;
(b)
an gcomhlíonann na pleananna na ceanglais ó Airteagail 3 go 12 agus ar thug na Ballstáit aird chuí ar na moltaí ón gCoimisiún arna n-eisiúint de bhun Airteagal 34.
|
|
Airteagal 14 An plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thabhairt cothrom le dáta
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|