|
+Airteagal 8 2. |
Airteagal 8 2.Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar na measúnuithe atá déanta acu, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, i gcás inarb infheidhme, maidir le:
(a)
na tionchair ar fhorbairt an chórais fuinnimh agus ar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa do ré an phlean agus ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis na bliana is déanaí a chumhdaítear leis an bplean, faoi na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá beartaithe, lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin atá bunaithe ar na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá ann cheana dá dtagraítear i mír 1;
(b)
tionchar maicreacnamaíocha agus, a mhéid is féidir, tionchar sláinte, comhshaoil, scileanna agus sóisialta na mbeartas agus na mbeart nó na grúpaí beart atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 7 agus a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I, don chéad tréimhse deich mbliana go dtí 2030, lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin bunaithe ar na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá ann cheana dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar an mhodheolaíocht a úsáidfear chun na tionchair sin a mheas a chur ar fáil don phobal;
(c)
idirghníomhaíochtaí idir beartais agus bearta nó grúpaí beart atá ann cheana agus beartais agus bearta nó grúpaí beart atá beartaithe laistigh de ghné bheartais agus idir beartais agus bearta nó grúpaí beart atá ann cheana agus na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá beartaithe agus a bhaineann le gnéithe éagsúla don chéad tréimhse deich mbliana ar a laghad go dtí an bhliain 2030. Déanfar réamh-mheastacháin maidir le cinnteacht soláthair, bonneagar agus comhtháthú an mhargaidh a nascadh le cásanna láidre éifeachtúlachta fuinnimh;
(d)
an dóigh a meallfaidh na beartais agus na bearta atá ann cheana agus beartais agus bearta atá beartaithe an infheistíocht is gá chun iad a chur chun feidhme;
(e)
an chaoi ina gcuireann na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus na bearta atá beartaithe le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|