+Airteagal 8 Bonn anailíse na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.

Airteagal 8 Bonn anailíse na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.
Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc, i gcomhréir leis an struchtúr agus san fhormáid a shonraítear in Iarscríbhinn I, ar an staid reatha maidir le gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh lena n-áirítear an córas fuinnimh agus na hastaíochtaí agus na haistrithe gás ceaptha teasa tráth a gcuirfear an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide isteach nó ar bhonn na faisnéise is déanaí atá ar fáil. Déanfaidh na Ballstáit freisin réamh-mheastacháin a leagan amach agus tabharfaidh siad tuairisc orthu maidir le gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh, ar feadh ré an phlean sin ar a laghad, a bhfuiltear ag súil leo mar thoradh ar na beartais agus na bearta atá ann cheana. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall tuairisc a thabhairt ar na peirspictíochtaí breise níos fadtéarmaí do na cúig ghné, níos faide anonn ná ré an phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, i gcás inarb ábhartha agus i gcás inar féidir.
Airteagal 8 2.

Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar na measúnuithe atá déanta acu, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, i gcás inarb infheidhme, maidir le:

(a) 

na tionchair ar fhorbairt an chórais fuinnimh agus ar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa do ré an phlean agus ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis na bliana is déanaí a chumhdaítear leis an bplean, faoi na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá beartaithe, lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin atá bunaithe ar na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá ann cheana dá dtagraítear i mír 1;

(b) 

tionchar maicreacnamaíocha agus, a mhéid is féidir, tionchar sláinte, comhshaoil, scileanna agus sóisialta na mbeartas agus na mbeart nó na grúpaí beart atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 7 agus a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I, don chéad tréimhse deich mbliana go dtí 2030, lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin bunaithe ar na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá ann cheana dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar an mhodheolaíocht a úsáidfear chun na tionchair sin a mheas a chur ar fáil don phobal;

(c) 

idirghníomhaíochtaí idir beartais agus bearta nó grúpaí beart atá ann cheana agus beartais agus bearta nó grúpaí beart atá beartaithe laistigh de ghné bheartais agus idir beartais agus bearta nó grúpaí beart atá ann cheana agus na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá beartaithe agus a bhaineann le gnéithe éagsúla don chéad tréimhse deich mbliana ar a laghad go dtí an bhliain 2030. Déanfar réamh-mheastacháin maidir le cinnteacht soláthair, bonneagar agus comhtháthú an mhargaidh a nascadh le cásanna láidre éifeachtúlachta fuinnimh;

(d) 

an dóigh a meallfaidh na beartais agus na bearta atá ann cheana agus beartais agus bearta atá beartaithe an infheistíocht is gá chun iad a chur chun feidhme;

▼M2

(e) 

an chaoi ina gcuireann na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus na bearta atá beartaithe le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119.

▼B

Airteagal 8 3.
Déanfaidh na Ballstáit faisnéis chuimsitheach a chur ar fáil don phobal maidir leis na toimhdí, na paraiméadair agus na modheolaíochtaí a úsáidtear do na cásanna deiridh agus do na réamh-mheastacháin, agus aird á tabhairt ar na srianta staitistiúla, ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus ar chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.