|
+Airteagal 9 2. |
Airteagal 9 2.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus féadfaidh sé moltaí tír-shonracha a eisiúint chuig na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 34 tráth nach déanaí ná sé mhí roimh an spriocdháta chun na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide sin a thíolacadh. Tabharfar aghaidh go háirithe sna moltaí sin ar na nithe seo a leanas:
(a)
leibhéal uaillmhéine na gcuspóirí, na spriocanna agus an rannchuidithe d'fhonn cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann agus go háirithe spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith leis an leibhéal idirnascachta leictreachais a bhfuil sé mar aidhm ag an mBallstát é a bheith bainte amach aige in 2030 amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4(d), agus aird chuí á tabhairt ar na himthosca ábhartha a dhéanann difear d'úsáid fuinnimh in-athnuaite agus tomhaltas fuinnimh arna gcur in iúl ag an mBallstát lena mbaineann sa dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ar tháscairí maidir lena phráinní is atá gníomhaíocht idirnascachta a shuitear i bpointe 2.4.1 de Roinn A de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I;
(b)
beartais agus bearta a bhaineann le cuspóirí ar leibhéal na mBallstát agus an Aontais agus beartais agus bearta eile a d'fhéadfadh a bheith ábhartha ó thaobh cúrsaí trasteorann;
(c)
beartais agus bearta breise ar bith a d'fhéadfadh a bheith riachtanach sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide;
(d)
idirghníomhaíochtaí idir na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus na bearta atá beartaithe a chuimsítear sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide laistigh d'aon ghné amháin agus i measc gnéithe éagsúla den Aontas Fuinnimh;
(e)
comhsheasmhacht na mbeart airgeadais ábhartha, lena n-áirítear an sciar ábhartha d’ioncam a ghintear ó lamháltais EU ETS a úsáidtear le haghaidh talamhúsáide, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseachta a chur ar ceant faoi Threoir 2003/87/CE, tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais amhail ionstraimí an Chomhbheartais Talmhaíochta, beartais agus bearta, maidir le gealltanais, spriocanna agus buiséid na mBallstát a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 a bhaint amach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|