+Airteagal 9 Dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
---+Airteagal 9 1.
---+Airteagal 9 2.
---+Airteagal 9 3.
---+Airteagal 9 4.
|
Airteagal 9 Dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1.
|
Faoin 31 Nollaig 2018, agus faoin 1 Eanáir 2028 ina dhiaidh sin agus gach deich mbliana ina dhiaidh sin arís, déanfaidh gach Ballstát dréacht den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus le hIarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 9 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus féadfaidh sé moltaí tír-shonracha a eisiúint chuig na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 34 tráth nach déanaí ná sé mhí roimh an spriocdháta chun na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide sin a thíolacadh. Tabharfar aghaidh go háirithe sna moltaí sin ar na nithe seo a leanas:
(a)
leibhéal uaillmhéine na gcuspóirí, na spriocanna agus an rannchuidithe d'fhonn cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann agus go háirithe spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith leis an leibhéal idirnascachta leictreachais a bhfuil sé mar aidhm ag an mBallstát é a bheith bainte amach aige in 2030 amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4(d), agus aird chuí á tabhairt ar na himthosca ábhartha a dhéanann difear d'úsáid fuinnimh in-athnuaite agus tomhaltas fuinnimh arna gcur in iúl ag an mBallstát lena mbaineann sa dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ar tháscairí maidir lena phráinní is atá gníomhaíocht idirnascachta a shuitear i bpointe 2.4.1 de Roinn A de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I;
(b)
beartais agus bearta a bhaineann le cuspóirí ar leibhéal na mBallstát agus an Aontais agus beartais agus bearta eile a d'fhéadfadh a bheith ábhartha ó thaobh cúrsaí trasteorann;
(c)
beartais agus bearta breise ar bith a d'fhéadfadh a bheith riachtanach sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide;
(d)
idirghníomhaíochtaí idir na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus na bearta atá beartaithe a chuimsítear sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide laistigh d'aon ghné amháin agus i measc gnéithe éagsúla den Aontas Fuinnimh;
▼M3
(e)
comhsheasmhacht na mbeart airgeadais ábhartha, lena n-áirítear an sciar ábhartha d’ioncam a ghintear ó lamháltais EU ETS a úsáidtear le haghaidh talamhúsáide, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseachta a chur ar ceant faoi Threoir 2003/87/CE, tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais amhail ionstraimí an Chomhbheartais Talmhaíochta, beartais agus bearta, maidir le gealltanais, spriocanna agus buiséid na mBallstát a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 a bhaint amach.
▼B
|
|
Airteagal 9 3.
|
Tabharfaidh gach Ballstát aird chuí ar aon mholtaí ón gCoimisiún agus ina phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Mura dtéann an Ballstát lena mbaineann i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de, soláthróidh an Ballstát sin a réasúnú agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí é.
|
|
Airteagal 9 4.
|
I gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 10, cuirfidh gach Ballstát a dhréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar fáil don phobal.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|