|
+Airteagal 15 4. |
Airteagal 15 4.I straitéisí fadtéarmacha na mBallstát, ba cheart go mbeadh na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Ina theannta sin, le straitéisí fadtéarmacha na mBallstát agus an Aontais cumhdófar na nithe seo a leanas:
(a)
iomlán na laghduithe ar astaíocht antrapaigineach gás ceaptha teasa agus na bhfeabhsuithe ar aistrithe trí linnte;
(b)
laghduithe ar astaíochtaí agus feabhsuithe ar aistrithe in earnálacha aonair lena n-áirítear leictreachas, tionsclaíocht, iompar, an earnáil téimh agus fuaraithe agus foirgníochta (idir chónaithe agus threasach), talmhaíocht, dramhaíl, talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF);
(c)
an dul chun cinn a bhfuiltear ag súil leis chuig geilleagar ina mbeidh astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa lena n-áirítear déine na ngás ceaptha teasa, déine CO2 na holltáirgeachta intíre, meastacháin ghaolmhara ar infheistíocht fhadtéarmach, agus straitéisí do thaighde, d'fhorbairt agus do nuálaíocht ghaolmhar;
(d)
a mhéid is indéanta, tionchar socheacnamaíoch a bhfuiltear ag súil leis ó na bearta dícharbónaithe lena n-áirítear inter alia gnéithe a bhaineann le forbairt mhaicreacnamaíoch agus shóisialta, rioscaí agus tairbhí sláinte agus cosaint an chomhshaoil;
(e)
naisc le cuspóirí náisiúnta fadtéarmacha eile, pleanáil agus beartais agus bearta eile, agus infheistíocht. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|