+Airteagal 17 Tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 17 7.

Airteagal 17 Tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.
Gan dochar d'Airteagal 26, faoin 15 Márta 2023, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát tuarascáil don Choimisiún maidir le stádas chur chun feidhme a phlean chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide trí thuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn lena gcumhdófar gach ceann de chúig ghné an Aontais Fuinnimh.
Airteagal 17 2.

Leis an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn cumhdófar na gnéithe seo a leanas:

▼M2

(a) 

faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo ghnóthú na gcuspóirí, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo cuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, na spriocanna agus na rannchuidithe a leagtar amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus i dtreo mhaoiniú agus chur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart is gá lena mbaint amach, lena n-áirítear athbhreithniú ar infheistíocht iarbhír i gcomparáid le toimhdí infheistíochta tosaigh;

▼B

(b) 

i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an dul chun cinn i dtaca leis an idirphlé dá dtagraítear in Airteagal 11 a chur ar bun;

(c) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20 go hAirteagal 25 agus, i gcás inarb iomchuí, nuashonruithe ar bheartais agus ar bhearta, i gcomhréir leis na hAirteagail sin;

(d) 

faisnéis maidir le hoiriúnú i gcomhréir le pointe (a)(1) d'Airteagal 4;

(e) 

a mhéid is féidir, cainníochtú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart sin a bhí sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar an gcaighdeán aeir agus ar astaíochtaí truailleán aeir.

Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit tuarascálacha débhliantúla i gcomhréir le Cinneadh 2/CP.17 de Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC, agus teachtaireachtaí náisiúnta faoi bhráid Rúnaíochta UNFCCC de réir Airteagal 12 de UNFCC.

Airteagal 17 3.
Leis an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, cumhdófar an fhaisnéis atá sna tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 26(3) agus an fhaisnéis maidir le beartais agus bearta agus réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte atá sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 18.
Airteagal 17 4.
►M2  Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste Aontais Fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid, mionsonraí teicniúla agus próiseas a leagan amach i gcás na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar chéimniú amach na bhfóirdheontas fuinnimh, go háirithe do bhreoslaí iontaise, de bhun phointe (d) d’Airteagal 25. ◄

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).

Airteagal 17 5.
Déanfar cothromaíocht a aimsiú idir minicíocht agus scála na faisnéise agus na nuashonruithe dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2, ar thaobh amháin, agus an gá a áirithiú go mbeidh go leor cinnteachta ag infheisteoirí, ar an taobh eile.
Airteagal 17 6.
I gcás ina bhfuil moltaí eisithe ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 32(1) nó (2), áireoidh an Ballstát lena mbaineann ina thuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn faisnéis faoi na beartais agus na bearta atá glactha, nó atá beartaithe lena nglacadh agus lena gcur chun feidhme, chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin. I gcás inarb infheidhme, áireofar san fhaisnéis sin amchlár mionsonraithe maidir le cur chun feidhme.

I gcás ina gcinneann an Ballstát lena mbaineann gan dul i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de, soláthróidh sé a réasúnú.

Airteagal 17 7.
Cuirfidh na Ballstáit na tuarascálacha a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin de bhun an Airteagail seo ar fáil don phobal.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.