+Roinn 1 Tuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn agus obair leantach orthu
---+Airteagal 17 Tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn
------+Airteagal 17 1.
------+Airteagal 17 2.
------+Airteagal 17 3.
------+Airteagal 17 4.
------+Airteagal 17 5.
------+Airteagal 17 6.
------+Airteagal 17 7.
---+Airteagal 18 Tuairisciú comhtháite ar bhearta agus ar bheartais agus ar réamhmheastacháin maidir le gáis cheaptha teasa
------+Airteagal 18 1.
------+Airteagal 18 2.
------+Airteagal 18 3.
------+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 19 Tuairisciú comhtháite ar ghníomhaíochtaí oiriúnaithe náisiúnta, tacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta arna soláthar do thíortha i mbéal forbartha agus ioncaim cheantála
------+Airteagal 19 1.
------+Airteagal 19 2.
------+Airteagal 19 3.
------+Airteagal 19 4.
------+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 20 Tuairisciú comhtháite ar fhuinneamh in-athnuaite
---+Airteagal 21 Tuairisciú comhtháite ar éifeachtúlacht fuinnimh
---+Airteagal 22 Tuairisciú comhtháite ar an gcinnteacht fuinnimh
---+Airteagal 23 Tuairisciú comhtháite ar an margadh inmheánach fuinnimh
------+Airteagal 23 1.
------+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 24 Tuairisciú Comhtháite ar an mBochtaineacht Fuinnimh
---+Airteagal 25 Tuairisciú comhtháite ar thaighde, nuálaíocht agus iomaíochas

Roinn 1 Tuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn agus obair leantach orthu

Roinn 1 Tuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn agus obair leantach orthu

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 Tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn
Airteagal 18 Tuairisciú comhtháite ar bhearta agus ar bheartais agus ar réamhmheastacháin maidir le gáis cheaptha teasa
Airteagal 19 Tuairisciú comhtháite ar ghníomhaíochtaí oiriúnaithe náisiúnta, tacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta arna soláthar do thíortha i mbéal forbartha agus ioncaim cheantála
Airteagal 20 Tuairisciú comhtháite ar fhuinneamh in-athnuaite

Airteagal 20

Tuairisciú comhtháite ar fhuinneamh in-athnuaite

Sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn áireoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a) 

faisnéis faoi chur chun feidhme na gconairí agus na gcuspóirí seo a leanas:

(1) 

conair náisiúnta tháscach le haghaidh sciar foriomlán d'fhuinneamh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh ó 2021 go 2030;

(2) 

conairí measta don sciar earnálach den fhuinneamh in-athnuaite i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh ó 2021 go 2030 in earnálacha an leictreachais, an téimh agus an fhuaraithe, agus an iompair;

(3) 

conairí measta de réir teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite atá le húsáid chun na conairí earnálacha agus foriomlána maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach idir 2021 agus 2030 lena n-áirítear an t-olltomhaltas deiridh fuinnimh a bhfuil súil leis de réir teicneolaíochta agus earnála i meigeathonnaí ola, agus iomlán na hacmhainne suiteáilte in MW atá beartaithe de réir teicneolaíochta agus earnála;

(4) 

conairí maidir le héileamh ar bhithfhuinneamh, á ndí-chomhshuimiú idir teas, leictreachas agus iompar, agus maidir le soláthar bithmhaise, de réir an bhunábhair agus an tionscnaimh (maille le dealú idir táirgeadh intíre agus allmhairí). Maidir le bithmhais foraoise, measúnú ar a foinse agus ar a tionchar ar an linn LULUCF;

(5) 

i gcás inarb infheidhme, conairí agus cuspóirí náisiúnta eile lena n-áirítear iad siúd atá fadtéarmach agus earnálach (amhail sciar bithmhaise leictreachais a tháirgtear gan úsáid teasa, sciar an fhuinnimh in-athnuaite i dtéamh ceantair, úsáid fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh, fuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ag cathracha, pobail fuinnimh in-athnuaite agus féin-tomhaltóirí in-athnuaite), fuinneamh arna athshlánú ón sloda a fhaightear trí chóireáil fhuíolluisce;

(b) 

faisnéis faoi chur chun feidhme na mbeartas agus na spriocanna seo a leanas:

(1) 

beartais agus bearta atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe chun an rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach 2030 an Aontais a bhaint amach maidir le fuinneamh in-athnuaite mar a léirítear i bpointe (a)(2) d'Airteagal 4 den Rialachán seo, lena n-áirítear bearta a bhaineann go sonrach le hearnálacha agus le teicneolaíochtaí ar leith, mar aon le hathbhreithniú ar leith ar chur chun feidhme na mbeart a leagtar síos in Airteagail 23 go 28 de Threoir (AE) 2018/2001;

(2) 

i gcás ina bhfuil siad ar fáil, bearta sonracha le haghaidh comhar réigiúnach;

(3) 

gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal CFAE, bearta sonracha maidir le tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, chun úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn maidir le leictreachas, téamh agus fuarú, agus iompar;

(4) 

i gcás inarb infheidhme, measúnú ar an tacaíocht don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite atá le tabhairt ag na Ballstáit de bhun Airteagal 6(4) de Threoir (AE) 2018/2001;

(5) 

bearta ar leith chun ceanglais Airteagal 15 go 18 de Threoir (AE) 2018/2001 a chomhlíonadh;

(6) 

i gcás inarb infheidhme, bearta sonracha chun an gá atá le hacmhainn atá bunriachtanach don oibriú seasmhach as a dtagann ciorrú ar fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a mheas, a dhéanamh trédhearcach agus a laghdú;

(7) 

achoimre ar na beartais agus na bearta faoin gcreat cumasúcháin a chuirfidh na Ballstáit ar bun de bhun Airteagal 21(6) agus Airteagal 22(5) de Threoir (AE) 2018/2001 chun forbairt ar fhéintomhaltas in-athnuaite agus ar chomhphobail fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus a éascú;

(8) 

bearta a chuireann úsáid fuinnimh ó bhithmhais chun cinn, go háirithe le haghaidh úsáid nua bithmhaise ag cur infhaighteacht bhithmhaise, lena n-áirítear bithmhais in-athnuaite san áireamh chomh maith le bearta chun inbhuanaitheacht na bithmhaise a tháirgtear agus a úsáidtear a áirithiú;

(9) 

bearta atá ar bun chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil téimh agus fuaraithe agus san earnáil iompair a mhéadú;

(10) 

beartais agus bearta lena n-éascaítear ráta glactha na gcomhaontuithe ceannacháin cumhachta;

(c) 

de réir mar a leagtar amach i gCuid 1 d'Iarscríbhinn IX.

Airteagal 21 Tuairisciú comhtháite ar éifeachtúlacht fuinnimh

Airteagal 21

Tuairisciú comhtháite ar éifeachtúlacht fuinnimh

Áireoidh na Ballstáit sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn an mhéid seo a leanas:

(a) 

faisnéis faoi chur chun feidhme na gconairí, na gcuspóirí agus na spriocanna náisiúnta seo a leanas:

(1) 

an chonair tháscach maidir le tomhaltas bliantúil fuinnimh príomhúil agus criochnaitheach ó 2021 go 2030 mar an rannchuidiú náisiúnta coigiltis fuinnimh le gnóthú sprioc 2030 ar leibhéal an Aontais lena n-áirítear an mhodheolaíocht atá mar bhonn léi;

(2) 

garspriocanna táscacha na straitéise fadtéarmaí le haghaidh athchóiriú stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, agus na rannchuidithe le spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh de bhun Threoir 2012/27/AE i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE;

(3) 

i gcás inarb infheidhme, nuashonrú ar chuspóirí náisiúnta eile a leagtar amach sa phlean náisiúnta;

(b) 

faisnéis faoi chur chun feidhme na mbeartas agus na spriocanna seo a leanas:

(1) 

beartais, bearta agus cláir arna gcur chun feidhme, glactha agus beartaithe chun an rannchuidiú táscach náisiúnta a bhaint amach do 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chomh maith le cuspóirí eile dá dtagraítear in Airteagal 6, lena n-áirítear bearta agus ionstraimí arna mbeartú (de chineál airgeadais freisin) chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur chun cinn, bearta chun leas a bhaint as acmhainneacht éifeachtúlacht fuinnimh an bhonneagair gáis agus leictreachais agus bearta eile chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn;

(2) 

i gcás inarb infheidhme, ionstraimí margadhbhunaithe a spreagann feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear cánacha, tobhaigh agus lamháltais fuinnimh ach gan a bheith teoranta dóibh siúd;

(3) 

scéim oibleagáide náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta malartacha de bhun Airteagal 7a agus 7b de Threoir 2012/27/AE agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III den Rialachán seo;

(4) 

straitéisí athchóirithe fadtéarmacha i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE;

(5) 

beartais agus bearta chun seirbhísí fuinnimh a chur chun cinn san earnáil phoiblí agus bearta chun bacainní rialála agus neamhrialála a bhaint a chuireann bac ar ghlacadh na conraitheoireachta feidhmíochta fuinnimh agus múnlaí seirbhíse eile don éifeachtúlacht fuinnimh;

(6) 

comhar réigiúnach i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, i gcás inarb infheidhme;

(7) 

gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, bearta airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb infheidhme;

(c) 

de réir mar a leagtar amach i gCuid 2 d'Iarscríbhinn IX.

Airteagal 22 Tuairisciú comhtháite ar an gcinnteacht fuinnimh

Airteagal 22

Tuairisciú comhtháite ar an gcinnteacht fuinnimh

Sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn áireoidh na Ballstáit faisnéis faoi chur chun feidhme an méid seo a leanas:

(a) 

cuspóirí náisiúnta i ndáil le héagsúlú i dtaca le foinsí agus soláthar an fhuinnimh;

(b) 

i gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta i ndáil le spleáchas ar allmhairiú fuinnimh ó thríú tíortha a laghdú;

(c) 

cuspóirí náisiúnta i ndáil le hullmhacht chun dul i ngleic le soláthar srianta nó briste ó fhoinse fuinnimh, lena n-áirítear gás agus leictreachas;

(d) 

cuspóirí náisiúnta i ndáil le solúbthacht an chórais náisiúnta fuinnimh a mhéadú, go háirithe trí bhíthin foinsí fuinnimh intíre, freagairt ar éileamh agus stóráil fuinnimh a chur chun tairbhe;

(e) 

na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (a) go (d) a bhaint amach;

(f) 

comhar réigiúnach maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeartas dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d);

(g) 

gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, bearta airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, sa réimse sin ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 23 Tuairisciú comhtháite ar an margadh inmheánach fuinnimh
Airteagal 24 Tuairisciú Comhtháite ar an mBochtaineacht Fuinnimh

Airteagal 24

Tuairisciú Comhtháite ar an mBochtaineacht Fuinnimh

I gcás ina mbeidh feidhm ag an dara fomhír de phointe (d) d'Airteagal 3(3), cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na nithe seo a leanas san áireamh ina thuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn:

(a) 

faisnéis maidir le dul chun cinn i dtreo an chuspóra náisiúnta tháscaigh i dtaca le líon na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh; agus

(b) 

faisnéis chainníochtúil maidir le líon na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh, agus i gcás ina bhfuil fáil uirthi, faisnéis maidir le beartais agus bearta a théann i ngleic le bochtaineacht fuinnimh.

Déanfaidh an Coimisiún sonraí arna gcur in iúl ag na Ballstáit de bhun an Airteagail seo a roinnt leis an bhFaireachlann Eorpach um Bochtaineacht Fuinnimh.

Airteagal 25 Tuairisciú comhtháite ar thaighde, nuálaíocht agus iomaíochas

Airteagal 25

Tuairisciú comhtháite ar thaighde, nuálaíocht agus iomaíochas

Áireoidh na Ballstáit ina gcuid tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn faisnéis maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeart seo a leanas:

(a) 

i gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta agus beartais náisiúnta trína n-aistrítear cuspóirí agus beartais Phlean SET chuig comhthéacs náisiúnta;

(b) 

cuspóirí náisiúnta le haghaidh caiteachas iomlán poiblí agus, i gcás ina bhfuil fáil air, caiteachas iomlán príobháideach, i dtaighde agus i nuálaíocht a bhaineann le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain agus le haghaidh costais teicneolaíochta agus forbairt feidhmíochta;

(c) 

i gcás inarb iomchuí, cuspóirí náisiúnta lena n-áirítear spriocanna fadtéarmacha do 2050 chun leas a bhaint as teicneolaíochtaí chun dícharbónú a dhéanamh ar earnálacha tionsclaíocha a ídíonn mórchuid fuinnimh agus a bhfuil lorg mór carbóin acu agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh bonneagar gaolmhar um iompar, úsáid agus stóráil carbóin;

(d) 

cuspóirí náisiúnta maidir le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais fuinnimh, go háirithe le haghaidh breoslaí iontaise;

(e) 

beartais agus bearta atá curtha cur chun feidhme, glactha agus beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) a bhaint amach;

(f) 

comhar le Ballstáit eile maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeartas dá dtagraítear i bpointe (b) go phointe (d), lena n-áirítear comhordú ar bheartais agus ar bhearta i gcomhthéacs Phlean SET, amhail ailíniú a dhéanamh ar chláir thaighde agus ar chláir chomónta;

(g) 

bearta airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, sa réimse sin ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb infheidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.