|
+Airteagal 20 Tuairisciú comhtháite ar fhuinneamh in-athnuaite |
Airteagal 20 Tuairisciú comhtháite ar fhuinneamh in-athnuaiteAirteagal 20 Tuairisciú comhtháite ar fhuinneamh in-athnuaite Sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn áireoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
faisnéis faoi chur chun feidhme na gconairí agus na gcuspóirí seo a leanas:
(1)
conair náisiúnta tháscach le haghaidh sciar foriomlán d'fhuinneamh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh ó 2021 go 2030;
(2)
conairí measta don sciar earnálach den fhuinneamh in-athnuaite i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh ó 2021 go 2030 in earnálacha an leictreachais, an téimh agus an fhuaraithe, agus an iompair;
(3)
conairí measta de réir teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite atá le húsáid chun na conairí earnálacha agus foriomlána maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach idir 2021 agus 2030 lena n-áirítear an t-olltomhaltas deiridh fuinnimh a bhfuil súil leis de réir teicneolaíochta agus earnála i meigeathonnaí ola, agus iomlán na hacmhainne suiteáilte in MW atá beartaithe de réir teicneolaíochta agus earnála;
(4)
conairí maidir le héileamh ar bhithfhuinneamh, á ndí-chomhshuimiú idir teas, leictreachas agus iompar, agus maidir le soláthar bithmhaise, de réir an bhunábhair agus an tionscnaimh (maille le dealú idir táirgeadh intíre agus allmhairí). Maidir le bithmhais foraoise, measúnú ar a foinse agus ar a tionchar ar an linn LULUCF;
(5)
i gcás inarb infheidhme, conairí agus cuspóirí náisiúnta eile lena n-áirítear iad siúd atá fadtéarmach agus earnálach (amhail sciar bithmhaise leictreachais a tháirgtear gan úsáid teasa, sciar an fhuinnimh in-athnuaite i dtéamh ceantair, úsáid fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh, fuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ag cathracha, pobail fuinnimh in-athnuaite agus féin-tomhaltóirí in-athnuaite), fuinneamh arna athshlánú ón sloda a fhaightear trí chóireáil fhuíolluisce;
(b)
faisnéis faoi chur chun feidhme na mbeartas agus na spriocanna seo a leanas:
(1)
beartais agus bearta atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe chun an rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach 2030 an Aontais a bhaint amach maidir le fuinneamh in-athnuaite mar a léirítear i bpointe (a)(2) d'Airteagal 4 den Rialachán seo, lena n-áirítear bearta a bhaineann go sonrach le hearnálacha agus le teicneolaíochtaí ar leith, mar aon le hathbhreithniú ar leith ar chur chun feidhme na mbeart a leagtar síos in Airteagail 23 go 28 de Threoir (AE) 2018/2001;
(2)
i gcás ina bhfuil siad ar fáil, bearta sonracha le haghaidh comhar réigiúnach;
(3)
gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal CFAE, bearta sonracha maidir le tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, chun úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn maidir le leictreachas, téamh agus fuarú, agus iompar;
(4)
i gcás inarb infheidhme, measúnú ar an tacaíocht don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite atá le tabhairt ag na Ballstáit de bhun Airteagal 6(4) de Threoir (AE) 2018/2001;
(5)
bearta ar leith chun ceanglais Airteagal 15 go 18 de Threoir (AE) 2018/2001 a chomhlíonadh;
(6)
i gcás inarb infheidhme, bearta sonracha chun an gá atá le hacmhainn atá bunriachtanach don oibriú seasmhach as a dtagann ciorrú ar fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a mheas, a dhéanamh trédhearcach agus a laghdú;
(7)
achoimre ar na beartais agus na bearta faoin gcreat cumasúcháin a chuirfidh na Ballstáit ar bun de bhun Airteagal 21(6) agus Airteagal 22(5) de Threoir (AE) 2018/2001 chun forbairt ar fhéintomhaltas in-athnuaite agus ar chomhphobail fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus a éascú;
(8)
bearta a chuireann úsáid fuinnimh ó bhithmhais chun cinn, go háirithe le haghaidh úsáid nua bithmhaise ag cur infhaighteacht bhithmhaise, lena n-áirítear bithmhais in-athnuaite san áireamh chomh maith le bearta chun inbhuanaitheacht na bithmhaise a tháirgtear agus a úsáidtear a áirithiú;
(9)
bearta atá ar bun chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil téimh agus fuaraithe agus san earnáil iompair a mhéadú;
(10)
beartais agus bearta lena n-éascaítear ráta glactha na gcomhaontuithe ceannacháin cumhachta;
(c)
de réir mar a leagtar amach i gCuid 1 d'Iarscríbhinn IX. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|