|
+Airteagal 23 1. |
Airteagal 23 1.Áireoidh na Ballstáit sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn faisnéis maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeart seo a leanas:
(a)
an leibhéal idirnascachta leictreachais a bhfuil mar chuspóir ag an mBallstát é a bheith bainte amach aige in 2030 i gcomhthéacs na sprice idirnascachta leictreachais do 2030 de 15 % ar a laghad agus na dtáscairí a leagtar amach i bpointe 2.4.1 de Roinn A de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I, chomh maith le bearta chun an straitéis um an leibhéal sin a bhaint amach a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta sin a bhaineann le húdaruithe a dheonú;
(b)
tionscadail ríthábhachtacha bhonneagair tarchurtha leictreachais agus gáis, a bhfuil gá leo chun cuspóirí agus spriocanna faoi na cúig ghné den Aontas Fuinnimh a bhaint amach;
(c)
i gcás inarb infheidhme, príomhthionscadail bhonneagair arna mbeartú seachas Tionscadail Leasa Choitinn, lena n-áirítear tionscadail bhonneagair a bhfuil baint ag tríú tíortha leo, agus, a mhéid is féidir, measúnú ginearálta ar a chomhoiriúnacht agus a rannchuidiú le haidhmeanna agus spriocanna an Aontais Fuinnimh;
(d)
cuspóirí náisiúnta a bhaineann le gnéithe eile den mhargadh inmheánach fuinnimh, amhail solúbthacht an chórais, comhtháthú margaidh agus cúpláil mhargaidh a mhéadú, agus é mar aidhm leis sin acmhainn intrádála na n-idirnascairí atá ann cheana, eangacha cliste, comhiomlánú, freagairt don éileamh, stóráil, giniúint dáilte, sásraí maidir le seoladh, athsheoladh agus ciorrú agus comharthaí fíor-ama praghsála a mhéadú;
(e)
i gcás inarb infheidhme, cuspóirí agus bearta náisiúnta a bhaineann le rannpháirtíocht neamh-idirdhealaitheach an fhuinnimh in-athnuaite, na freagartha don éileamh agus na stórála, lena n-áirítear trí chomhiomlánú, i ngach margadh fuinnimh;
(f)
i gcás inarb infheidhme, cuspóirí agus bearta náisiúnta i ndáil lena áirithiú go mbeidh tomhaltóirí rannpháirteach sa chóras fuinnimh agus go dtairbheoidh siad d'fhéinghiniúint agus teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear méadair chliste;
(g)
bearta i ndáil le leordhóthanacht an chórais leictreachais a áirithiú;
(h)
na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (g) a bhaint amach;
(i)
comhar réigiúnach maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeartas dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h);
(j)
gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, bearta airgeadais ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, i réimse an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, lena n-áirítear don sprioc idirnascachta leictreachais, i gcás inarb infheidhme;
(k)
bearta chun solúbthacht an chórais fuinnimh a mhéadú maidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear cúpláil margaidh ionlae a chur i bhfeidhm agus margaí cothromúcháin trasteorann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|