+Airteagal 23 Tuairisciú comhtháite ar an margadh inmheánach fuinnimh
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.

Airteagal 23 Tuairisciú comhtháite ar an margadh inmheánach fuinnimh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23 1.

Áireoidh na Ballstáit sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn faisnéis maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeart seo a leanas:

(a) 

an leibhéal idirnascachta leictreachais a bhfuil mar chuspóir ag an mBallstát é a bheith bainte amach aige in 2030 i gcomhthéacs na sprice idirnascachta leictreachais do 2030 de 15 % ar a laghad agus na dtáscairí a leagtar amach i bpointe 2.4.1 de Roinn A de Chuid 1 d'Iarscríbhinn I, chomh maith le bearta chun an straitéis um an leibhéal sin a bhaint amach a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta sin a bhaineann le húdaruithe a dheonú;

(b) 

tionscadail ríthábhachtacha bhonneagair tarchurtha leictreachais agus gáis, a bhfuil gá leo chun cuspóirí agus spriocanna faoi na cúig ghné den Aontas Fuinnimh a bhaint amach;

(c) 

i gcás inarb infheidhme, príomhthionscadail bhonneagair arna mbeartú seachas Tionscadail Leasa Choitinn, lena n-áirítear tionscadail bhonneagair a bhfuil baint ag tríú tíortha leo, agus, a mhéid is féidir, measúnú ginearálta ar a chomhoiriúnacht agus a rannchuidiú le haidhmeanna agus spriocanna an Aontais Fuinnimh;

(d) 

cuspóirí náisiúnta a bhaineann le gnéithe eile den mhargadh inmheánach fuinnimh, amhail solúbthacht an chórais, comhtháthú margaidh agus cúpláil mhargaidh a mhéadú, agus é mar aidhm leis sin acmhainn intrádála na n-idirnascairí atá ann cheana, eangacha cliste, comhiomlánú, freagairt don éileamh, stóráil, giniúint dáilte, sásraí maidir le seoladh, athsheoladh agus ciorrú agus comharthaí fíor-ama praghsála a mhéadú;

(e) 

i gcás inarb infheidhme, cuspóirí agus bearta náisiúnta a bhaineann le rannpháirtíocht neamh-idirdhealaitheach an fhuinnimh in-athnuaite, na freagartha don éileamh agus na stórála, lena n-áirítear trí chomhiomlánú, i ngach margadh fuinnimh;

(f) 

i gcás inarb infheidhme, cuspóirí agus bearta náisiúnta i ndáil lena áirithiú go mbeidh tomhaltóirí rannpháirteach sa chóras fuinnimh agus go dtairbheoidh siad d'fhéinghiniúint agus teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear méadair chliste;

(g) 

bearta i ndáil le leordhóthanacht an chórais leictreachais a áirithiú;

(h) 

na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (g) a bhaint amach;

(i) 

comhar réigiúnach maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeartas dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h);

(j) 

gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, bearta airgeadais ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, i réimse an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, lena n-áirítear don sprioc idirnascachta leictreachais, i gcás inarb infheidhme;

(k) 

bearta chun solúbthacht an chórais fuinnimh a mhéadú maidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear cúpláil margaidh ionlae a chur i bhfeidhm agus margaí cothromúcháin trasteorann.

Airteagal 23 2.
Beidh an fhaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit faoi mhír 1 i gcomhréir le agus, de réir mar is cuí, bunaithe ar an tuarascáil ó na rialálaithe náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 37(1) de Threoir 2009/72/CE agus i bpointe (e) d'Airteagal 41(1) de Threoir 2009/73/CE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.