+Airteagal 26 Tuairisciú bliantúil
---+Airteagal 26 1.
---+Airteagal 26 2.
---+Airteagal 26 3.
---+Airteagal 26 4.
---+Airteagal 26 5.
---+Airteagal 26 6.
---+Airteagal 26 7.
|
Airteagal 26 Tuairisciú bliantúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1.
|
Faoin 15 Márta 2021 agus gach bliain ina dhiaidh sin (bliain X), tuairisceoidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Threoir 2009/119/CE;
(b)
an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3 d'Iarscríbhinn IX de Threoir 2013/30/AE, i gcomhréir le hAirteagal 25 den Treoir sin.
|
|
Airteagal 26 2.
|
Faoin 31 Iúil 2021, agus gach bliain ina dhiaidh sin (bliain X), tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún a neasfhardail gás ceaptha teasa don bhliain X-1. Chun críocha na míre seo, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn neasfhardail gás ceaptha teasa na mBallstát nó, más rud é nár chuir Ballstát in iúl a neasfhardail faoin dáta sin, ar bhonn a mheastachán féin, neasfhardal gás ceaptha teasa de chuid an Aontais a thiomsú gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo ar fáil don phobal gach bliain faoin 30 Meán Fómhair.
|
|
Airteagal 26 3.
|
Ó 2023, déanfaidh na Ballstáit cinneadh agus déanfaidh siad tuairisciú chuig an gCoimisiún ar na sonraí deiridh maidir le fardail gás ceaptha teasa faoin 15 Márta gach bliain (bliain X) agus réamhshonraí maidir le fardail gás ceaptha teasa faoin 15 Eanáir gach bliain, lena n-áirítear na gáis ceaptha teasa agus faisnéis an fhardail a liostaítear in Iarscríbhinn V. Áireofar freisin sa tuarascáil ar shonraí an fhardail gás ceaptha teasa críochnaitheach tuarascáil iomlán cothrom le dáta faoin bhfardal náisiúnta. Laistigh de 3 mhí ó na tuarascálacha a fháil, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (n) den chéad mhír de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V a chur ar fáil, i bhfoirm leictreonach, don Choiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 44(1).
|
|
Airteagal 26 4.
|
Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid Rúnaíochta UNFCCC fardail náisiúnta ina mbeidh an fhaisnéis a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le sonraí deiridh an fhardail gás ceaptha teasa i gcomhréir le mír 3 faoin 15 Aibreán gach bliain. Tiomsóidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, fardail gás ceaptha teasa gach bliain don Aontas agus ullmhóidh sé tuarascáil ar fhardal gás ceaptha teasa don Aontas agus tíolacfar na tuarascálacha sin do Rúnaíocht UNFCCC faoin 15 Aibreán gach bliain.
|
|
Airteagal 26 5.
|
Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún faoi réamhshonraí agus sonraí deiridh an fhardail náisiúnta deiridh, faoin 15 Eanáir agus faoin 15 Márta faoi seach sna blianta 2027 agus 2032, arna n-ullmhú dá gcuntais LULUCF chun críche na dtuarascálacha comhlíonta i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/841.
|
|
Airteagal 26 6.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a)
cuid 2 d'Iarscríbhinn V a leasú trí shubstaintí a chur le liosta na ngás ceaptha teasa nó a scriosadh ón liosta, i gcomhréir le cinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó ag comhlachtaí Chomhaontú Pháras;
(b)
forlíonadh a dhéanamh ar an Rialachán seo trí luachanna féideartha maidir le téamh domhanda a ghlacadh agus trí threoirlínte infheidhme an fhardail a shonrú i gcomhréir le cinntí ábhartha arna nglacadh UNFCCC nó ag comhlachtaí Chomhaontú Pháras;
▼M3
(c)
cuid 3 d’Iarscríbhinn V a leasú chun liosta na gcatagóirí a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais.
▼B
|
|
Airteagal 26 7.
|
Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, mionsonraí teicniúla, formáid agus próisis a cheapadh maidir le neasfhardail gás ceaptha teasa atá le cur isteach ag na Ballstáit de bhun mhír 2 den Airteagal seo, fardail gás ceaptha teasa de bhun mhír 3 den Airteagal seo agus astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ar a dtugtar i gcuntas i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/841. Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á moladh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh amchláir UNFCCC nó Chomhaontú Pháras maidir le faireachán agus tuairisciú na faisnéise agus na gcinntí ábhartha arna nglacadh ag UNFCCC nó ag comhlachtaí Comhaontú Pháras lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an tAontas a chuid oibleagáidí tuairiscithe mar Pháirtí in UNFCCC agus i gComhaontú Pháras. Sonrófar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin amscála an chomhair agus an chomhordaithe freisin idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le tuarascáil an Aontais a ullmhú i ndáil le fardal na ngás ceaptha teasa. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|