|
+Airteagal 29 3. |
Airteagal 29 3.I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn atá á dhéanamh le chéile i dtreo tomhaltas fuinnimh uasta 1 128 Mtoe i gcás fuinneamh príomhúil, agus 846 Mtoe i gcás fuinneamh deiridh, a bhaint amach ar leibhéal an Aontais in 2030 i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Threoir 2012/27/AE. Nuair a bheidh an Coimisiún ag déanamh a chuid measúnaithe, glacfaidh sé na céimeanna seo a leanas:
(a)
a mheas an bhfuil garsprioc an Aontais gan níos mó ná 1483 meigeathonna d'fhuinneamh príomha agus gan níos mó ná 1 086 meigeathonna d'fhuinneamh deiridh in 2020, bainte amach;
(b)
a mheas an léiríonn dul chun cinn na mBallstát go bhfuil an tAontas ina iomláine ar an mbóthar ceart i dtreo an leibhéil tomhaltais fuinnimh in 2030 dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus measúnú na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, á chur san áireamh;
(c)
torthaí ó bhearta samhaltaithe a úsáid maidir le treochtaí sa todhchaí maidir le tomhaltas fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus feidhm a bhaint as anailís chomhlántach eile;
(d)
aird chuí a thabhairt ar imthosca ábhartha, a dhéanann difear do thomhaltas príomhúil agus deiridh, a léiríonn na Ballstáit ina gcuid pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, i gcomhréir le hAirteagal 6(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|