+Airteagal 31 Freagairt d'uaillmhian neamhleor i bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
|
Airteagal 31 Freagairt d'uaillmhian neamhleor i bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe ar na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 9 nó ar bhonn a mheasúnaithe ar dhréachtuasdátú na bpleananna deiridh de bhun Airteagal 14, agus mar chuid den phróiseas atriallach, nach leor cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe na mBallstát chun cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann agus go háirithe, don chéad tréimhse deich mbliana, chun sprioc cheangailteach an Aontais 2030 don fhuinneamh in-athnuaite agus sprioc an Aontais 2030 don éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach, déanfaidh sé – a mhéid a bhaineann le sprioc an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite – agus féadfaidh sé –a mhéid a bhaineann le cuspóirí eile an Aontais Fuinnimh – moltaí a eisiúint do na Ballstáit sin nach leor a rannchuidithe, dar leis, chun a n-uaillmhian a mhéadú chun go n-áiritheofar leibhéal leordhóthanach uaillmhéine comhchoitinne.
|
|
Airteagal 31 2.
|
I gcás ina dtarlaíonn bearna idir sprioc 2030 an Aontais agus rannchuidithe comhchoiteanna na mBallstát i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú a bhunú ar an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II atá bunaithe ar na critéir oibiachtúla a liostaítear i bpointe (e)(i) go (v) den chéad fhomhír d'Airteagal 5(1), agus aird chuí á tabhairt aige ar imthosca ábhartha a dhéanann difear d'úsáid fuinnimh in-athnuaite arna gcur in iúl ag an mBallstát i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 5(1). I gcás ina mbíonn bearna ann idir sprioc 2030 an Aontais agus suim na rannchuidithe náisiúnta i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, measúnú ar na himthosca ábhartha a liostaítear in Airteagal 6(2), ar fhaisnéis arna sholáthar ag na Ballstáit ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar thorthaí ó chleachtaí samhaltaithe i ndáil le treochtaí i dtomhaltas fuinnimh agus ar anailís eile chomhlántach de réir mar is iomchuí. Gan dochar d'fhorálacha eile an Airteagail seo, agus chun críche measúnú a dhéanamh ar cibé an ann do bhearna idir sprioc 2030 an Aontais agus rannchuidithe comhchoiteanna na mBallstát, agus chun na críche sin amháin, glacfaidh an Coimisiún leis, ina mheasúnú, gurb ann do rannchuidiú náisiúnta ó na Ballstáit nár thíolaic a ndréacht-pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 9(1). Agus é ag glacadh leis sin, i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit do 2020 mar a leagtar amach í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, torthaí ó chleachtaí samhaltaithe maidir le forbairt an fhuinnimh in-athnuaite agus na torthaí ón bhfoirmle arna leagan amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, cuirfidh sé san áireamh cleachtaí samhaltaithe i ndáil le treochtaí i dtomhaltas fuinnimh agus anailís eile chomhlántach de réir mar is iomchuí. Ina mheasúnú ar na rannchuidithe fuinnimh in-athnuaite, bunaithe ar an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II, déanfaidh an Coimisiún a chur san áireamh aon iarmhairtí diúltacha a d'fhéadfadh a bheith ann do shlándáil an tsoláthair agus cobhsaíocht na n-eangach i gcórais fuinnimh bheaga nó scoite nó i gcórais na mBallstát ina bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ann mar thoradh ar athrú an limistéir shioncronaigh. Ina mheasúnú ar rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh, déanfaidh an Coimisiún a chur san áireamh an iarmhairt a d'fhéadfadh a bheith ann d'oibríocht córais leictreachais agus cobhsaíocht na n-eangach i mBallstáit ina bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ann mar thoradh ar athrú an limistéir shioncronaigh.
|
|
Airteagal 31 3.
|
I gcás, ar bhonn a chuid measúnaithe ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus a gcuid nuashonrúchán de bhun Airteagal 14, ina measann an Coimisiún nach bhfuil cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó na nuashonruithe orthu leordhóthanach chun cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann agus go háirithe don chéad tréimhse deich mbliana, i gcás spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh, molfaidh sé bearta agus bainfidh sé úsáid as a chumhachtaí ar leibhéal an Aontais lena áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí agus na spriocanna sin. Maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite, cuirfear san áireamh sna bearta sin leibhéal uaillmhéine rannchuidiú na mBallstát le sprioc 2030 an Aontais a leagtar amach sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus sna nuashonruithe orthu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|