|
+Airteagal 31 2. |
Airteagal 31 2.I gcás ina dtarlaíonn bearna idir sprioc 2030 an Aontais agus rannchuidithe comhchoiteanna na mBallstát i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú a bhunú ar an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II atá bunaithe ar na critéir oibiachtúla a liostaítear i bpointe (e)(i) go (v) den chéad fhomhír d'Airteagal 5(1), agus aird chuí á tabhairt aige ar imthosca ábhartha a dhéanann difear d'úsáid fuinnimh in-athnuaite arna gcur in iúl ag an mBallstát i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 5(1). I gcás ina mbíonn bearna ann idir sprioc 2030 an Aontais agus suim na rannchuidithe náisiúnta i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, measúnú ar na himthosca ábhartha a liostaítear in Airteagal 6(2), ar fhaisnéis arna sholáthar ag na Ballstáit ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar thorthaí ó chleachtaí samhaltaithe i ndáil le treochtaí i dtomhaltas fuinnimh agus ar anailís eile chomhlántach de réir mar is iomchuí. Gan dochar d'fhorálacha eile an Airteagail seo, agus chun críche measúnú a dhéanamh ar cibé an ann do bhearna idir sprioc 2030 an Aontais agus rannchuidithe comhchoiteanna na mBallstát, agus chun na críche sin amháin, glacfaidh an Coimisiún leis, ina mheasúnú, gurb ann do rannchuidiú náisiúnta ó na Ballstáit nár thíolaic a ndréacht-pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 9(1). Agus é ag glacadh leis sin, i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit do 2020 mar a leagtar amach í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001, torthaí ó chleachtaí samhaltaithe maidir le forbairt an fhuinnimh in-athnuaite agus na torthaí ón bhfoirmle arna leagan amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, cuirfidh sé san áireamh cleachtaí samhaltaithe i ndáil le treochtaí i dtomhaltas fuinnimh agus anailís eile chomhlántach de réir mar is iomchuí. Ina mheasúnú ar na rannchuidithe fuinnimh in-athnuaite, bunaithe ar an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II, déanfaidh an Coimisiún a chur san áireamh aon iarmhairtí diúltacha a d'fhéadfadh a bheith ann do shlándáil an tsoláthair agus cobhsaíocht na n-eangach i gcórais fuinnimh bheaga nó scoite nó i gcórais na mBallstát ina bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ann mar thoradh ar athrú an limistéir shioncronaigh. Ina mheasúnú ar rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh, déanfaidh an Coimisiún a chur san áireamh an iarmhairt a d'fhéadfadh a bheith ann d'oibríocht córais leictreachais agus cobhsaíocht na n-eangach i mBallstáit ina bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ann mar thoradh ar athrú an limistéir shioncronaigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|