+Airteagal 35 Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
|
Airteagal 35 Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 35 1.
|
Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
|
|
Airteagal 35 2.
|
Beidh na gnéithe seo a leanas san áireamh sa tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh:
(a)
an measúnú a rinneadh de bhun Airteagal 29;
(b)
i gcás inarb iomchuí, moltaí de bhun Airteagal 34;
(c)
an tuarascáil i ndáil le feidhmiú an mhargaidh carbóin dá dtagraítear in Airteagal (10)(5) de Threoir 2003/87/CE, lena n-áirítear faisnéis maidir le cur i bhfeidhm na Treorach sin i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de;
(d)
go débhliantúil, ón mbliain 2023 ar aghaidh, tuarascáil ar inbhuanaitheacht bhithfhuinneamh an Aontais, ina bhfuil an fhaisnéis atá sonraithe in Iarscríbhinn X;
(e)
go débhliantúil, tuarascáil ar scéimeanna deonacha ar ghlac an Coimisiún cinneadh ina leith de bhun Airteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/2001, ina mbeidh an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialachán seo;
(f)
tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/72/CE;
(g)
tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/73/CE de bhun Airteagal 52 den Treoir sin;
(h)
tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir leis na scéimeanna oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta beartais roghnacha amhail dá dtagraítear in Airteagail 7a agus 7b de Threoir 2012/27/AE;
(i)
ar bhonn débhliantúil, tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn an athchóirithe fhadtéarmaigh le haghaidh stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, i gcomhréir leis na treochláir arna leagan amach sna straitéisí athchóirithe fadtéarmacha a bhunóidh gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE;
(j)
gach ceithre bliana, tuarascáil fhoriomlán ar mhéadú na mBallstát ar líon na bhfoirgneamh atá beagnach neodrach ó thaobh fuinnimh de i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Threoir 2010/31/AE;
(k)
tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir le dul chun cinn na mBallstát maidir le margadh fuinnimh iomlán agus oibríochtúil a chruthú;
(l)
cáilíocht iarbhír an bhreosla sna Ballstáit éagsúla agus cumhdach geografach breoslaí a bhfuil cion sulfair 10 mg/kg ar a mhéad iontu, arb é is aidhm dóibh forbhreathnú a sholáthar ar na sonraí maidir le cáilíocht bhreosla sna Ballstáit éagsúla mar atá tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE;
(m)
tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le hiomaíochas;
(n)
dul chun cinn na mBallstát maidir le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais fuinnimh, go háirithe le haghaidh breoslaí iontaise;
(o)
saincheisteanna eile atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Aontais Fuinnimh, lena n-áirítear tacaíocht phoiblí agus phríobháideach;
(p)
faoin 31 Deireadh Fómhair 2019 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, measúnú ar chur chun feidhme Threoir 2009/31/CE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|