|
+Airteagal 35 2. |
Airteagal 35 2.Beidh na gnéithe seo a leanas san áireamh sa tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh:
(a)
an measúnú a rinneadh de bhun Airteagal 29;
(b)
i gcás inarb iomchuí, moltaí de bhun Airteagal 34;
(c)
an tuarascáil i ndáil le feidhmiú an mhargaidh carbóin dá dtagraítear in Airteagal (10)(5) de Threoir 2003/87/CE, lena n-áirítear faisnéis maidir le cur i bhfeidhm na Treorach sin i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de;
(d)
go débhliantúil, ón mbliain 2023 ar aghaidh, tuarascáil ar inbhuanaitheacht bhithfhuinneamh an Aontais, ina bhfuil an fhaisnéis atá sonraithe in Iarscríbhinn X;
(e)
go débhliantúil, tuarascáil ar scéimeanna deonacha ar ghlac an Coimisiún cinneadh ina leith de bhun Airteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/2001, ina mbeidh an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialachán seo;
(f)
tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/72/CE;
(g)
tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/73/CE de bhun Airteagal 52 den Treoir sin;
(h)
tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir leis na scéimeanna oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta beartais roghnacha amhail dá dtagraítear in Airteagail 7a agus 7b de Threoir 2012/27/AE;
(i)
ar bhonn débhliantúil, tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn an athchóirithe fhadtéarmaigh le haghaidh stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, i gcomhréir leis na treochláir arna leagan amach sna straitéisí athchóirithe fadtéarmacha a bhunóidh gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE;
(j)
gach ceithre bliana, tuarascáil fhoriomlán ar mhéadú na mBallstát ar líon na bhfoirgneamh atá beagnach neodrach ó thaobh fuinnimh de i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Threoir 2010/31/AE;
(k)
tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir le dul chun cinn na mBallstát maidir le margadh fuinnimh iomlán agus oibríochtúil a chruthú;
(l)
cáilíocht iarbhír an bhreosla sna Ballstáit éagsúla agus cumhdach geografach breoslaí a bhfuil cion sulfair 10 mg/kg ar a mhéad iontu, arb é is aidhm dóibh forbhreathnú a sholáthar ar na sonraí maidir le cáilíocht bhreosla sna Ballstáit éagsúla mar atá tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE;
(m)
tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le hiomaíochas;
(n)
dul chun cinn na mBallstát maidir le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais fuinnimh, go háirithe le haghaidh breoslaí iontaise;
(o)
saincheisteanna eile atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Aontais Fuinnimh, lena n-áirítear tacaíocht phoiblí agus phríobháideach;
(p)
faoin 31 Deireadh Fómhair 2019 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, measúnú ar chur chun feidhme Threoir 2009/31/CE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|