+Airteagal 37 Córais fardail Aontais agus córais fardail náisiúnta
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.
---+Airteagal 37 4a.
---+Airteagal 37 5.
---+Airteagal 37 6.
---+Airteagal 37 7.
|
Airteagal 37 Córais fardail Aontais agus córais fardail náisiúnta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1.
|
Faoin 1 Eanáir 2021, bunóidh agus oibreoidh Ballstáit córais fardail náisiúnta agus déanfaidh siad iarracht na córais sin a fheabhsú ar bhonn leanúnach, chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte arna liostú i gCuid 2 d'Iarscríbhinn V agus d'fhonn tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine a bhfardal gás ceaptha teasa a áirithiú.
|
|
Airteagal 37 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag a n-údaráis inniúla fardail ar an bhfaisnéis in Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán seo, go mbainfidh siad úsáid as córais tuairiscithe a bhunaítear de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 chun meastachán ar gháis fhluairínithe sna fardail náisiúnta gás ceaptha teasa agus go mbeidh ar a gcumas na seiceálacha bliantúla comhsheasmhachta dá dtagraítear i bpointí (i) agus (j) de Chuid 1 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a dhéanamh.
|
|
Airteagal 37 3.
|
Bunaítear leis seo córas fardail an Aontais chun tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na bhfardal náisiúnta a áirithiú i dtaca le fardal gás ceaptha teasa an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún an córas sin a bhainistiú, a chothabháil agus déanfaidh sé iarracht an córas sin a fheabhsú ar bhonn leanúnach lena n-áirítear clár dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a shocrú, cuspóirí cáilíochta a shocrú agus plean fardail dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a dhréachtú, nósanna imeachta chun meastacháin astaíochtaí a chomhlánú chun fardal an Aontais a thiomsú de bhun mhír 5 den Airteagal seo agus na hathbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 38.
|
|
Airteagal 37 4.
|
Déanfaidh an Coimisiún seiceáil tosaigh ar chruinneas na réamhshonraí maidir leis an bhfardal gás ceaptha teasa atá le tíolacadh ag Ballstáit de bhun Airteagal 26(3). Seolfaidh an Coimisiún torthaí na seiceála sin chuig na Ballstáit laistigh de shé seachtaine ón spriocdháta. Freagróidh na Ballstáit d'aon cheisteanna ábhartha arna n-ardú i ndiaidh na seiceála tosaigh faoin 15 Márta, mar aon leis an bhfardal deiridh do bhliain X-2 a sholáthar.
|
|
Airteagal 37 4a.
|
I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún, le linn na seiceála tosaigh a rinneadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo, difríocht idir meán bliantúil na nglanaistrithe sna blianta a shonraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/841 arna dtuairisciú ag aon Bhallstát in 2020 agus 2023 nó in aon tíolacadh an fhardail gás ceaptha teasa ina dhiaidh sin atá níos mó ná 500 kt CO2, fíoróidh an Coimisiún:
(a)
trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na faisnéise arna tíolacadh; agus
(b)
go ndéanfar tuairisciú LULUCF ar bhealach atá comhsheasmhach le cáipéisí treorach UNFCCC nó le rialacha de chuid an Aontais.
Cuirfidh an Coimisiún torthaí an fhíoraithe ar fáil go poiblí.
|
|
Airteagal 37 5.
|
I gcás nach gcuireann Ballstát na sonraí fardail ar fáil a theastaíonn chun fardal an Aontais a thiomsú faoin 15 Márta, féadfaidh an Coimisiún meastacháin a ullmhú leis na sonraí a chuireann an Ballstát isteach a chomhlánú, i gcomhairliúchán agus i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Úsáidfidh an Coimisiún, chun na críche seo, na treoirlínte infheidhme chun na fardail náisiúnta gás ceaptha teasa a ullmhú.
|
|
Airteagal 37 6.
|
Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme d'fhonn rialacha a leagan amach maidir le struchtúr, formáid agus próiseas tíolactha na faisnéise a bhaineann le córais fardail náisiúnta agus le ceanglais maidir le córais fardail náisiúnta a bhunú, a oibriú agus a fheidhmiú. Agus gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin á moladh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó Chomhaontú Pháras. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).
|
|
Airteagal 37 7.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 43 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan amach maidir leis na ceanglais i ndáil le bunú, oibriú agus feidhmiú córas fardail an Aontais. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á moladh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó Chomhaontú Pháras.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|