+Airteagal 38 Athbhreithniú ar an bhfardal
---+Airteagal 38 1.
---+Airteagal 38 1a.
---+Airteagal 38 2.
---+Airteagal 38 3.
---+Airteagal 38 4.
---+Airteagal 38 5.
---+Airteagal 38 6.
|
Airteagal 38 Athbhreithniú ar an bhfardal
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 38 1.
|
D'fhonn faireachán a dhéanamh ar laghduithe nó srianta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát de bhun Airteagail 4, 9 agus 10 de Rialachán (AE) 2018/842 agus an laghdú atá déanta acu ar astaíochtaí agus an feabhsú atá déanta acu ar aistriú linnte de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/841 agus aon spriocanna laghdaithe nó srianta gás ceaptha teasa eile atá leagtha amach i ndlí de chuid an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, in 2027 agus 2032, athbhreithniú cuimsitheach ar shonraí an fhardail náisiúnta arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26(4) den Rialachán seo. Beidh na Ballstáit iomlán rannpháirteach sa phróiseas sin.
|
|
Airteagal 38 1a.
|
In 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar shonraí an fhardail náisiúnta arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26(4) den Rialachán seo, chun spriocanna bliantúla an laghdaithe ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa do na Ballstáit a chinneadh de bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2018/841 agus chun leithdháiltí astaíochtaí bliantúla na mBallstát a chinneadh de bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2018/842.
|
|
Airteagal 38 2.
|
►M3
Beidh na nithe seo a leanas san athbhreithniú cuimsitheach dá dtagraítear i míreanna 1 agus 1a: ◄
(a)
seiceálacha chun trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na faisnéise arna tíolacadh a fhíorú;
(b)
seiceálacha chun cásanna a aithint inar ullmhaíodh na sonraí fardail ar bhonn nach bhfuil comhsheasmhach le cáipéisí treorach UNFCCC nó le rialacha de chuid an Aontais;
(c)
seiceálacha chun cásanna a aithint ina ndéantar cuntasaíocht LULUCF ar bhealach nach bhfuil comhsheasmhach le cáipéisí treorach UNFCCC ná le rialacha an Aontais, agus
(d)
más iomchuí, na ceartúcháin theicniúla a thagann chun cinn a áireamh, i gcomhairliúchán leis na Ballstáit.
|
|
Airteagal 38 3.
|
Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun an tráthúlacht agus an nós imeachta i dtaca leis an athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh a áirithiú lena n-áirítear na tascanna a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus cinnteoidh sé comhairliúchán iomchuí na mBallstát maidir le conclúidí na n-athbhreithnithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(6).
|
|
Airteagal 38 4.
|
Tráth athbhreithniú cuimsitheach, arna dhéanamh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, a chríochnú, cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, suim iomlán na n-astaíochtaí do na blianta ábhartha a eascraíonn ó na sonraí ceartaithe fardail do gach Ballstát agus sin roinnte idir na sonraí astaíochta atá ábhartha d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/842 agus do shonraí astaíochta dá dtagraítear i gCuid 1, pointe (c), d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, agus cinnfidh sé suim iomlán na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe is ábhartha d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841.
|
|
Airteagal 38 5.
|
Na sonraí do gach Ballstát, mar a taifeadadh sna clárlanna bunaithe de bhun Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/841 ceithre mhí tar éis an dáta nuair a fhoilsítear gníomh cur chun feidhme, arna ghlacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo, úsáidfear iad le haghaidh na seiceála ar chomhlíonadh Airteagail 4 den Rialachán (AE) 2018/841 lena n-áirítear athruithe a dhéanfar ar na sonraí sin a thiocfaidh chun cinn toisc gur bhain an Ballstát sin úsáid as na solúbthachtaí de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/841.
|
|
Airteagal 38 6.
|
Na sonraí do gach Ballstát, mar a taifeadadh sna clárlanna bunaithe de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2018/842 dhá mhí tar éis an dáta don tseiceáil ar chomhlíonadh Rialacháin (AE) 2018/841 dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, úsáidfear iad le haghaidh na seiceála ar chomhlíonadh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/842 do na blianta 2021 agus 2026. Déanfar an tseiceáil ar chomhlíonadh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/842 do na blianta 2022 go 2025 agus 2027 go 2030 ar dháta mí amháin tar éis dháta na seiceála ar chomhlíonadh don bhliain roimhe. Áireofar na hathruithe a dhéantar ar shonraí den sórt sin a thagann chun cinn toisc gur bhain an Ballstát sin úsáid as solúbthachtaí de bhun Airteagal 5, 6 agus 7 de Rialachán (AE) 2018/842 sa tseiceáil seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|