|
+Airteagal 53 Leasuithe ar Threoir 2010/31/AE |
Airteagal 53 Leasuithe ar Threoir 2010/31/AEAirteagal 53 Leasuithe ar Threoir 2010/31/AE Leasaítear Treoir 2010/31/AE mar a leanas:
(1)
leasaítear Airteagal 2a mar a leanas:
(a)
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:
“1.
Bunóidh gach Ballstát straitéis athchóirithe fhadtéarmach chun tacú le hathchóiriú an stoic náisiúnta d'fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, ina stoc foirgneamh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus dícharbónaithe faoi 2050, lena n-éascófar athrú costéifeachtach na bhfoirgneamh atá ann faoi láthair ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de. Cuimseoidh gach straitéis athchóirithe fhadtéarmach:”;
(b)
cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
“8.
Déanfar straitéis athchóirithe fhadtéarmach gach Ballstáit a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid dá phlean comhtháite náisiúnta críochnaitheach fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*2
). De mhaolú ar Airteagal 3(1) den Rialachán sin, déanfar an chéad straitéis athchóirithe fhadtéarmach faoi mhír 1 den Airteagal seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Márta 2020.
(2)
sa dara fomhír d'Airteagal 5(2), scriostar an abairt “Féadfar an tuarascáil a chur san áireamh sna Pleananna Gníomhaíochta maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Threoir 2006/32/CE”;
(3)
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5.
Mar chuid dá thuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, tuairisceoidh an Coimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle gach ceithre bliana faoin dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le méadú a dhéanamh ar líon na bhfoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh. Ar bhonn na fianaise tuairiscithe sin, i gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún plean gníomhaíochta a fhorbairt agus déanfaidh sé moltaí agus molfaidh sé bearta i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999 chun líon na bhfoirgneamh sin a mhéadú agus dea-chleachtais a spreagadh maidir le claochlú cost-éifeachtach na bhfoirgneamh atá ann cheana ina bhfoirgnimh atá beagnach neodrach ó thaobh fuinnimh.”;
(4)
in Airteagal 10, scriostar mír 2 agus mír 3;
(5)
in Airteagal 14(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír: “Déanfar tuarascáil den sórt sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid de phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999”;
(6)
in Airteagal 15(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír: “Déanfar tuarascáil den sórt sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid de phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999”. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|