+CAIBIDIL 8 Forálacha críochnaitheacha
---+Airteagal 43 An tarmligean a fheidhmiú
------+Airteagal 43 1.
------+Airteagal 43 2.
------+Airteagal 43 3.
------+Airteagal 43 4.
------+Airteagal 43 5.
------+Airteagal 43 6.
---+Airteagal 44 Coistí
------+Airteagal 44 1.
------+Airteagal 44 2.
------+Airteagal 44 3.
------+Airteagal 44 4.
------+Airteagal 44 5.
------+Airteagal 44 6.
---+Airteagal 45 Athbhreithniú
---+Airteagal 46 Leasuithe ar Threoir 94/22/CE
---+Airteagal 47 Leasuithe ar Threoir 98/70/CE
---+Airteagal 48 Leasuithe ar Threoir 2009/31/CE
---+Airteagal 49 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 663/2009
---+Airteagal 50 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2009
---+Airteagal 51 Leasuithe ar Threoir 2009/73/CE
---+Airteagal 52 Leasú ar Threoir 2009/119/CE ón gComhairle
---+Airteagal 53 Leasuithe ar Threoir 2010/31/AE
---+Airteagal 54 Leasuithe ar Threoir 2012/27/AE
---+Airteagal 55 Leasú ar Threoir 2013/30/AE
---+Airteagal 56 Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/652
---+Airteagal 57 Aisghairm
---+Airteagal 58 Forálacha idirthréimhseacha
---+Airteagal 59 Teacht i bhfeidhm
|
CAIBIDIL 8 Forálacha críochnaitheacha
CAIBIDIL 8 Forálacha críochnaitheacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 43 An tarmligean a fheidhmiú
|
|
|
Airteagal 44 Coistí
|
|
|
Airteagal 45 Athbhreithniú
|
Airteagal 45
Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh de thréimhse 6 mhí ó gach athbhreithniú domhanda arna chomhaontú faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, a rannchuidiú le rialú an Aontais Fuinnimh, a rannchuidiú le spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras, dul chun cinn i dtreo spriocanna aeráide agus fuinnimh do 2030 a bhaint amach agus i dtreo chuspóir aeráidneodrachta an Aontais, a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach, cuspóirí breise an Aontais Fuinnimh agus le forálacha pleanála, tuairiscithe agus faireacháin a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith i gcomhréir le dlíthe eile de chuid an Aontais nó le cinntí a bhaineann le UNFCCC agus le Comhaontú Pháras. Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis na tuarascálacha ón gCoimisiún de réir mar is iomchuí.
|
|
Airteagal 46 Leasuithe ar Threoir 94/22/CE
|
Airteagal 46
Leasuithe ar Threoir 94/22/CE
Leasaítear Treoir 94/22/CE mar a leanas:
(1)
in Airteagal 8, scriostar mír 2;
|
|
Airteagal 47 Leasuithe ar Threoir 98/70/CE
|
Airteagal 47
Leasuithe ar Threoir 98/70/CE
Leasaítear Treoir 98/70/CE mar a leanas:
(1)
Leasaítear Airteagal 7a mar a leanas:
(a)
sa tríú fomhír de mhír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
“(a) toirt iomlán gach cineáil breosla nó fuinnimh a sholáthraítear; agus”;
(b)
i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:
“2.
Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthróirí astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid fuinnimh ó bhreosla agus ó fhuinneamh arna soláthar a laghdú ar an mbonn is céimsí is féidir suas le 10 % faoin 31 Nollaig 2020, i gcomparáid leis an gcaighdeán bunlíne don bhreosla a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle. Is é a bheidh sa laghdú sin ná:”;
(2)
in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
“4.
Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis arna tíolacadh de bhun mhír 3 a chur ar fáil go pras ar bhealach iomchuí.”.
|
|
Airteagal 48 Leasuithe ar Threoir 2009/31/CE
|
Airteagal 48
Leasuithe ar Threoir 2009/31/CE
Leasaítear Treoir 2009/31/CE mar a leanas:
(1)
in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“Gach ceithre bliana, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear an clár dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 25(1). Déanfar an chéad tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh 2011. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas ar bhonn ceistneoir nó achoimre a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin. Déanfar an ceistneoir nó an achoimre a sheoladh chuig na Ballstáit sé mhí ar a laghad roimh an spriocdháta chun an tuarascáil a thíolacadh.”;
(2)
in Airteagal 38, scriostar mír 1.
|
|
Airteagal 49 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 663/2009
|
Airteagal 49
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 663/2009
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 mar a leanas:
(1)
in Airteagal 27, scriostar míreanna 1 agus 3;
|
|
Airteagal 50 Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2009
|
Airteagal 50
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2009
I Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, scriostar Airteagal 29.
|
|
Airteagal 51 Leasuithe ar Threoir 2009/73/CE
|
Airteagal 51
Leasuithe ar Threoir 2009/73/CE
Leasaítear Treoir 2009/73/CE mar a leanas:
(2)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52:
“Airteagal 52
Tuairisciú
Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú agus faireachán ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar iarscríbhinn a ghabhfaidh leis an Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*1
).
|
|
Airteagal 52 Leasú ar Threoir 2009/119/CE ón gComhairle
|
Airteagal 52
Leasú ar Threoir 2009/119/CE ón gComhairle
In Airteagal 6 de Threoir 2009/119/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
“2.
Faoin 15 Márta gach bliain, seolfaidh gach Ballstát cóip achomair den chlár stoic dá dtagraítear i mír 1 a léireoidh ar a laghad cainníochtaí agus cineál na stoc éigeandála a áirítear sa chlár ar an lá deiridh den bhliain féilire roimhe sin.”.
|
|
Airteagal 53 Leasuithe ar Threoir 2010/31/AE
|
Airteagal 53
Leasuithe ar Threoir 2010/31/AE
Leasaítear Treoir 2010/31/AE mar a leanas:
(1)
leasaítear Airteagal 2a mar a leanas:
(a)
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:
“1.
Bunóidh gach Ballstát straitéis athchóirithe fhadtéarmach chun tacú le hathchóiriú an stoic náisiúnta d'fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, ina stoc foirgneamh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus dícharbónaithe faoi 2050, lena n-éascófar athrú costéifeachtach na bhfoirgneamh atá ann faoi láthair ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de. Cuimseoidh gach straitéis athchóirithe fhadtéarmach:”;
(b)
cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
“8.
Déanfar straitéis athchóirithe fhadtéarmach gach Ballstáit a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid dá phlean comhtháite náisiúnta críochnaitheach fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*2
). De mhaolú ar Airteagal 3(1) den Rialachán sin, déanfar an chéad straitéis athchóirithe fhadtéarmach faoi mhír 1 den Airteagal seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Márta 2020.
(2)
sa dara fomhír d'Airteagal 5(2), scriostar an abairt “Féadfar an tuarascáil a chur san áireamh sna Pleananna Gníomhaíochta maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Threoir 2006/32/CE”;
(3)
in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
“5.
Mar chuid dá thuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999, tuairisceoidh an Coimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle gach ceithre bliana faoin dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le méadú a dhéanamh ar líon na bhfoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh. Ar bhonn na fianaise tuairiscithe sin, i gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún plean gníomhaíochta a fhorbairt agus déanfaidh sé moltaí agus molfaidh sé bearta i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999 chun líon na bhfoirgneamh sin a mhéadú agus dea-chleachtais a spreagadh maidir le claochlú cost-éifeachtach na bhfoirgneamh atá ann cheana ina bhfoirgnimh atá beagnach neodrach ó thaobh fuinnimh.”;
(4)
in Airteagal 10, scriostar mír 2 agus mír 3;
(5)
in Airteagal 14(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
“Déanfar tuarascáil den sórt sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid de phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999”;
(6)
in Airteagal 15(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:
“Déanfar tuarascáil den sórt sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid de phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1999”.
|
|
Airteagal 54 Leasuithe ar Threoir 2012/27/AE
|
Airteagal 54
Leasuithe ar Threoir 2012/27/AE
Leasaítear Treoir 2012/27/AE mar a leanas:
(2)
in Airteagal 18(1), scriostar pointe (e);
(3)
leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:
(a)
scriostar míreanna 1, 3, 4 agus 11;
(4)
Scriostar Iarscríbhinn XIV.
|
|
Airteagal 55 Leasú ar Threoir 2013/30/AE
|
Airteagal 55
Leasú ar Threoir 2013/30/AE
In Airteagal 25 de Threoir 2013/30/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún go bliantúil, mar chuid den tuairisciú bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*3
) an fhaisnéis a shonraítear i bpointe 3 d'Iarscríbhinn IX.
|
|
Airteagal 56 Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/652
|
Airteagal 56
Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/652
Leasaítear Treoir (AE) 2015/652 mar a leanas:
(1)
in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
“1.
Gach bliain, faoin 31 Nollaig, soláthróidh na Ballstáit sonraí don Choimisiún don bhliain féilire roimhe sin maidir le comhlíonadh hAirteagal 7a de Threoir 98/70/CE, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo.”;
(2)
in Iarscríbhinn I, Cuid 2, scriostar pointí 1(h), 2, 3, 4 agus 7.
(3)
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
(a)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:
“1. Ní mór do na Ballstáit na sonraí atá liostaithe i bpointe 3 a thuairisciú. Ní mór na sonraí sin a thuairisciú i dtaca leis an mbreosla agus fuinneamh ar fad a chuirtear ar an margadh i ngach Ballstát. Nuair a dhéantar bithbhreoslaí iomadúla a chumasc le breoslaí iontaise, ní mór na sonraí a sholáthar i leith gach bithbhreosla.”;
(b)
i bpointe 3, scriostar pointe (e) agus pointe (f);
(4)
leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
(a)
scriostar na teimpléid seo a leanas chun faisnéis a thuairisciú i leith chomhsheasmhacht na sonraí a tuairiscíodh:
—
Foinse – Soláthróirí Aonair
—
Foinse – Comhsholáthróirí
(b)
sna nótaí formáide, scriostar pointe 8 agus pointe 9.
|
|
Airteagal 57 Aisghairm
|
Airteagal 57
Aisghairfear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021, faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 58 den Rialachán seo, seachas Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a aisghairfear le héifeacht ón 24 Nollaig 2018. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XIII.
|
|
Airteagal 58 Forálacha idirthréimhseacha
|
Airteagal 58
Forálacha idirthréimhseacha
De mhaolú ar Airteagal 57 den Rialachán seo, beidh feidhm fós ag Airteagal 7 agus ag pointí (a) agus (d) d'Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir leis na tuarascálacha ina mbeidh na sonraí a cheanglaítear faoi na hAirteagail sin do na blianta 2018, 2019 agus 2020.
Beidh feidhm fós ag Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir leis an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto.
Beidh feidhm fós ag Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir leis na hathbhreithnithe ar shonraí fardail gás ceaptha teasa do na blianta 2018, 2019 agus 2020.
Beidh feidhm fós ag Airteagal 22 de Rialachán (AE) 525/2013 maidir le cur isteach na tuarascála a cheanglaítear faoin airteagal sin.
Ar mhaithe le comhleanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil, ní chuireann aon ní sa Rialachán seo cosc ar chur i bhfeidhm na maoluithe de bhun dhlí earnálach ábhartha an Aontais i réimse an leictreachais agus na hullmhachta i gcomhair riosca leictreachais.
|
|
Airteagal 59 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 59
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 40, Airteagal 53(2), (3) agus (4), pointe (a) d'Airteagal 54(3) Airteagal 54(4) agus Airteagal 55 ón 1 Eanáir 2021.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|