+IARSCRÍBHINN 1

IARSCRÍBHINN 1




IARSCRÍBHINN 1

CEANGLAIS MAIDIR LE GLACADH DRAMHAÍOLA AGUS PLEANANNA LÁIMHSEÁLA I gCALAFOIRT

Cumhdófar leis na pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil gach cineál dramhaíola a thagann ó longa a thagann isteach go dtí an calafort de ghnáth agus déanfar iad a fhorbairt de réir mhéid an chalafoirt agus de réir chineálacha na long a thagann i dtír ag an gcalafort sin.

Áireofar sna pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil na heilimintí seo a leanas:

(a) 

measúnú ar an ngá atá le saoráidí glactha calafoirt, i bhfianaise na riachtanais atá ag longa a thagann isteach go dtí an calafort de ghnáth;

(b) 

tuairisc ar chineál agus ar thoilleadh na saoráidí glactha calafoirt;

(c) 

tuairisc ar na nósanna imeachta maidir le dramhaíl ó longa a ghlacadh agus a bhailiú;

(d) 

tuairisc ar an gcóras um ghnóthú costas;

(e) 

tuairisc ar na nósanna imeachta maidir le heasnaimh líomhnaithe sna saoráidí glactha calafoirt a thuairisciú;

(f) 

tuairisc ar an nós imeachta maidir le comhairliúcháin leanúnacha le húsáideoirí calafort, le conraitheoirí dramhaíola, le hoibreoirí críochfoirt agus le páirtithe leasmhara eile; agus

(g) 

forléargas ar chineál agus ar chainníochtaí na dramhaíola a fhaightear ó longa agus a láimhseáiltear sna saoráidí.

Féadfar sna pleananna le haghaidh dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáilan méid seo a leanas a áireamh:

(a) 

achoimre ar dhlí náisiúnta ábhartha agus ar an nós imeachta agus ar na foirmiúlachtaí maidir leis an dramhaíl a sheachadadh go saoráidí glactha calafoirt;

(b) 

pointe teagmhála sa chalafort a shainaithint;

(c) 

tuairisc ar an trealamh réamhchóireála agus ar na próisis le haghaidh sruthanna sonracha dramhaíola sa chalafort, más ann dóibh;

(d) 

tuairisc ar na modhanna chun úsáid iarbhír na saoráidí glactha calafoirt a thaifeadadh;

(e) 

tuairisc ar na modhanna chun méideanna na dramhaíola a sheachadann longa a thaifeadadh;

(f) 

tuairisc ar an gcaoi a ndéantar na sruthanna dramhaíola éagsúla a bhainistiú sa chalafort.

Maidir leis na nósanna imeachta don ghlacadh, don bhailiú, don stóráil, don chóireáil agus don diúscairt, ba cheart go mbeidís i gcomhréir, ar gach bealach, le scéim bainistíochta comhshaoil atá oiriúnach chun tionchar na ngníomhaíochtaí sin ar an gcomhshaol a laghdú de réir a chéile. Toimhdítear an chomhréireacht sin a bheith ann má tá na nósanna imeachta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 07.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0883
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.