+IARSCRÍBHINN 4

IARSCRÍBHINN 4




IARSCRÍBHINN 4

CATAGÓIRÍ NA GCOSTAS AGUS GLANIONCAIM A BHAINEANN LE HOIBRIÚ AGUS RIARACHÁN NA SAORÁIDÍ GLACTHA CALAFOIRT



Costais dhíreacha

Costais oibriúcháin dhíreacha a eascraíonn as seachadadh iarmhír dramhaíola ó longa, lena n-áirítear na míreanna costais a liostaítear thíos.

Costais indíreacha

Costais riaracháin indíreacha a eascraíonn as bainistiú ar an gcóras sa chalafort, lena n-áirítear na míreanna costais a liostaítear thíos.

Glanioncaim

Liostaítear thíos na glanfháltais ó scéimeanna bainistithe dramhaíola agus ó mhaoiniú náisiúnta/réigiúnach, lena n-áirítear na nithe ioncam.

— Bonneagar a chur ar fáil le haghaidh saoráidí glactha calafoirt, lena n-áirítear na coimeádáin, na humair, na huirlisí próiseála, na báirsí, na trucailí, glacadh dramhaíola, suiteálacha coireála;

— Lamháltais atá dlite ar mhaithe le suíomh a léasú, más infheidhme, nó chun an trealamh a léasú atá riachtanach ionas go n-oibreoidh na saoráidí glactha calafoirt;

— dramhaíl a bhailiú ón long, an dramhaíl a iompar ó na saoráidí glactha calafoirt don choireáil deiridh, na saoráidí glactha calafoirt a chothabháil agus a ghlanadh, costais don fhoireann, lena n-áirítear ragobair, soláthar leictreachais, anailís ar an dramhaíl agus árachas;

— Ullmhú d’athúsáid, d’athchúrsáil nó do dhiúscairt na dramhaíola ó longa, lena n-áirítear an dramhaíl a bhailiú ar leithligh;

— Riarachán: sonrascadh, admhálacha seachadta dramhaíola a eisiúint don long, tuairisciú.

— An plean maidir le dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a fhorbairt agus a fhormheas, lena n-áirítear aon iniúchadh ar an bplean sin agus cur chun feidhme an phlean;

— An plean maidir le dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil a nuashonrú, lena n-áirítear costais saothair agus costais chomhairliúcháin, i gcás inarb infheidhme;

— Na nósanna imeachta comhairliúcháin a eagrú maidir le meastóireacht/athmheastóireacht a dhéanamh ar an bplean maidir le dramhaíl a ghlacadh agus a láimhseáil;

— Bainistiú a dhéanamh ar an gcóras fógartha agus ar an gcóras um ghnóthú costas, lena n-áirítear táillí laghdaithe a chur i bhfeidhm do “longa glasa”, córais TF a sholáthar ar leibhéal an chalafoirt, anailís staidrimh agus costais saothair ghaolmhara;

— Nósanna imeachta um sholáthar poiblí a eagrú maidir le saoráidí glactha calafoirt a sholáthar, mar aon leis na húdaruithe riachtanacha a thabhairt chun saoráidí glactha calafoirt a sholáthar i gcalafoirt;

— Faisnéis a thabhairt d’úsáideoirí calafort trí fhógráin a dháileadh, fógraí agus póstaeir a chur in airde sa chalafort, nó an fhaisnéis atá ar shuíomh gréasáin an chalafoirt a fhoilsiú, agus an fhaisnéis a tharchur go leictreonach, mar a cheanglaítear in Airteagal 5;

— Scéimeanna bainistithe dramhaíola a bhainistiú: scéimeanna Freagrachta Leathnaithe Táirgeora (FLT) athchúrsáil agus iarratas ar chistí náisiúnta/réigiúnacha agus iad a chur chun feidhme;

— Costais riaracháin eile: costais a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar dhíolúintí, mar a cheanglaítear in Airteagal 9.

— Glansochair airgeadais a thagann as scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora;

— Glanioncaim eile ó bhainistiú dramhaíola amhail scéimeanna athchúrsála;

— Maoiniú faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI);

— Maoiniú eile nó fóirdheontais atá ar fáil do chalafoirt le haghaidh bainistiú dramhaíola agus iascaigh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 07.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0883
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.