+Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3 Sainmhínithe

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “plaisteach” ábhar ina bhfuil polaiméir mar a shainmhínítear i bpointe 5 d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, a bhféadfadh breiseáin nó substaintí eile a bheith curtha leis, agus atá in ann feidhmiú mar an phríomhghné struchtúrach de tháirgí deiridh, cé is moite de pholaiméirí nádúrtha nár athraíodh go ceimiceach;

(2) 

ciallaíonn “táirge plaisteach aon úsáide” táirge atá déanta, go hiomlán nó go páirteach, as plaisteach agus nár ceapadh, nár dearadh ná nár cuireadh ar an margadh chun turais nó uainíochtaí iomadúla a dhéanamh, laistigh dá saolré, trína thabhairt ar ais chuig an táirgeoir lena athlíonadh nó trína athúsáid chun na críche céanna ar ceapadh é;

(3) 

ciallaíonn “plaisteach ocsó-díghrádaithe” ábhair phlaisteacha ina bhfuil breiseáin, lena dtarlaíonn, trí ocsaídiú, ilroinnt an ábhair phlaistigh i micrea-bhloghanna nó dianscaoileadh ceimiceach;

(4) 

ciallaíonn “trealamh iascaireachta” aon earra nó píosa trealaimh a úsáidtear san iascaireacht nó sa dobharshaothrú chun díriú ar acmhainní bitheolaíocha na farraige, iad a ghabháil nó iad a thógáil nó atá ar snámh ar dhromchla na farraige agus a imscartar d’fhonn na hacmhainní bitheolaíocha farraige sin a mhealladh agus a ghabháil nó a thógáil;

(5) 

ciallaíonn “dramhthrealamh iascaireachta” aon trealamh iascaireachta a chumhdaítear faoin sainmhíniú ar dhramhaíl i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE, lena n-áirítear gach comhpháirt, substaint nó ábhar ar leithligh a bhí ina gcuid, nó ceangailte, den trealamh iascaireachta sin nuair a caitheadh amach é, lena n-áirítear nuair a tréigeadh nó nuair a cailleadh é;

(6) 

ciallaíonn “cur ar an margadh” táirge a chur ar fáil den chéad uair ar mhargadh Ballstáit;

(7) 

ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” táirge a sholáthar lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh Ballstáit le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(8) 

ciallaíonn “caighdeán comhchuibhithe” caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear i bpointe (1)(c) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(9) 

ciallaíonn “dramhaíl” dramhaíl mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(10) 

ciallaíonn “scéim freagrachta leathnaithe táirgeora” scéim freagrachta leathnaithe táirgeora mar a shainmhínítear i bpointe 21 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(11) 

ciallaíonn “táirgeoir”:

(a) 

aon duine nádúrtha nó dlítheanach bunaithe i mBallstát a mhonaraíonn, a líonann, a dhíolann nó a allmhairíonn go gairmiúil, beag beann ar an teicníc dhíolacháin a úsáidtear, lena n-áirítear trí bhithin cianchonarthaí mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), agus a chuireann táirgí plaisteacha aon úsáide, táirgí plaisteacha líonta aon úsáide nó trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach ar mhargadh an Bhallstáit sin, seachas daoine a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta mar a shainmhínítear i bpointe (28) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ); nó

(b) 

aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe i mBallstát amháin nó i dtríú tír, a dhíolann go gairmiúil táirgí plaisteacha aon úsáide, táirgí plaisteacha líonta aon úsáide nó trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach go díreach le teaghlaigh phríobháideacha nó le húsáideoirí eile seachas teaghlaigh príobháideacha i mBallstát eile, trí mheán cianchonarthaí mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Treoir 2011/83/AE, seachas daoine a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta mar a shainmhínítear i bpointe (28) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(12) 

ciallaíonn “bailiú” bailiú mar a shainmhínítear i bpointe 10 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(13) 

ciallaíonn “bailiú ar leithligh” bailiú ar leithligh mar a shainmhínítear i bpointe 11 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(14) 

ciallaíonn “cóireáil” cóireáil mar a shainmhínítear i bpointe 14 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(15) 

ciallaíonn “pacáistíocht” pacáistíocht mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 94/62/CE;

(16) 

ciallaíonn “plaisteach in-dígrádaithe” plaisteach atá in ann dianscaoileadh fisiceach, bitheolaíoch a dhéanamh, sa chaoi is go ndianscaoilfidh sé ar deireadh ina dhé-ocsaíd charbóin (CO2), bithmhais agus uisce agus atá, i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha don phacáistíocht atá inghnóthaithe, trí mhúiríniú agus trí dhíleá anaeróbach;

(17) 

ciallaíonn “saoráidí glactha calafoirt” saoráidí glactha calafoirt mar a shainmhínítear i bpointe (e) d’Airteagal 2 de Threoir 2000/59/CE;

(18) 

ciallaíonn “táirgí tobac” táirgí tobac mar a shainmhínítear iad i bpointe 4 d’Airteagal 2 de Threoir 2014/40/AE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0904
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.