+Airteagal 4 Tomhaltas a laghdú
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.

Airteagal 4 Tomhaltas a laghdú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun laghdú uaillmhianach marthanach a bhaint amach i dtomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn, i gcomhréir le cuspóirí foriomlána bheartas dramhaíola an Aontais, go háirithe ó thaobh dramhaíl a chosc, lena gcasfaí siar an méadú atá ag teacht ar na treochtaí tomhaltais. Bainfear amach, leis na bearta sin, laghdú cainníochtúil intomhaiste i dtomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn ar chríoch an Bhallstáit faoi 2026 i gcomparáid le 2022.

Faoin 3 Iúil 2021 ullmhóidh na Ballstáit tuairisc ar na bearta ar fad atá glactha acu de bhun na chéad fhomhíre seo, tabharfaidh siad fógra faoin tuairisc sin don Choimisiún agus cuirfidh siad ar fáil don phobal í. Déanfaidh na Ballstáit na bearta a leagtar amach sa tuairisc a chomhtháthú sna cláir dá dtagraítear in Airteagal 11 ar an gcéad uasdátú a dhéantar dá éis sin ar na pleananna nó na cláir sin i gcomhréir le gníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais lena rialaítear na pleananna nó na cláir sin, nó aon chláir eile arna dtarraingt suas go sonrach chun na críche sin.

Ar na bearta sin, féadfar a áireamh spriocanna laghdaithe tomhaltais náisiúnta, bearta lena n-áiritheofar go gcuirfear roghanna malartacha in-athúsáidte ar tháirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn ar fáil don tomhaltóir deiridh ag an díolphointe, ionstraimí eacnamaíocha, mar shampla ionstraimí eacnamaíocha lena ndéantar a áirithiú nach gcuirfear táirgí plaisteacha aon úsáide sin ar fáil don tomhaltóir deiridh saor in aisce ag an díolphointe, agus na comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 17(3). Féadfaidh na Ballstáit srianta margaíochta a fhorchur de mhaolú ar Airteagal 18 de Treoir 94/62/CE chun cosc a chur ar na táirgí sin teacht chun bheith ina mbruscar, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear táirgí malartacha in-athúsáidte nó nach bhfuil plaisteach iontu ina n-ionad. D’fhéadfadh na bearta a bheith éagsúil ag brath ar thionchar comhshaoil na dtáirgí plaisteacha aon úsáide sin ar feadh a saolré, lena n-áirítear agus iad ag teacht chun bheith ina mbruscar.

Bearta arna nglacadh de bhun na míre seo, beidh siad comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na bearta sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) i gcás ina gceanglaítear amhlaidh leis an Treoir sin.

D’fhonn cloí leis an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh gach Ballstát faireachán ar na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn agus a cuireadh ar an margadh agus na bearta laghdaithe a glacadh agus tabharfaidh siad tuairisc ar an dul chun cinn a rinneadh don Choimisiún i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus le hAirteagal 13(1) d’fhonn spriocanna cainníochtúla de chuid an Aontais a bhunú do laghdú an tomhaltais.

Airteagal 4 2.
Faoin 3 Eanáir 2021 glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos an mhodheolaíocht chun an laghdú uaillmhianach leanúnach i dtomhaltas na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a líostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn a ríomh agus fhíorú. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0904
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.