+Airteagal 6 Ceanglais i dtaca le táirgí
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.

Airteagal 6 Ceanglais i dtaca le táirgí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid C den Iarscríbhinn agus ar a bhfuil caipíní agus cláir déanta as plaisteach, áiritheoidh na Ballstáit nach féidir iad sin a chur ar an margadh ach amháin má fhanfaidh na caipíní agus na cláir ceangailte de na coimeádáin le linn na tréimhse úsáide atá ceaptha do na táirgí.
Airteagal 6 2.
Chun críocha an Airteagail seo, maidir le caipíní miotail nó cláir mhiotail a bhfuil séalaí plaisteacha orthu, ní mheasfar iad a bheith déanta as plaisteach.
Airteagal 6 3.
Faoin 3 Deireadh Fómhair 2019, iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt i ndáil leis an gceanglas dá dtagraítear i mír 1. Leis na caighdeáin sin, tabharfar aghaidh go háirithe ar an ngá leis an neart, an iontaofacht agus an tsábháilteacht atá riachtanach a áirithiú do chlabhsúir coimeádán deochanna, lena n-áirítear coimeádán le haghaidh deochanna carbónáitithe.
Airteagal 6 4.
Ó dháta foilsithe na dtagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i mír 3 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go bhfuil táirgí plaisteacha aon úsáide dá dtagraítear i mír 1 atá i gcomhréir leis na caighdeáin sin, nó le codanna de na caighdeáin sin, i gcomhréir leis an gceanglas a leagtar síos i mír 1.
Airteagal 6 5.

Maidir le buidéil deochanna a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn, áiritheoidh gach Ballstát:

(a) 

ó 2025 ar aghaidh, go mbeidh 25 % ar a laghad de phlaisteach athchúrsáilte i mbuidéil deochanna a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn a mhonaraítear go príomha ó teireataláit phoileitléine (“buidéil PET”); é sin á ríomh mar mheán le haghaidh na mbuidéal PET ar fad a chuirtear ar an margadh ar chríoch an Bhallstáit sin; agus

(b) 

ó 2030 ar aghaidh, go mbeidh 30 % ar a laghad de phlaisteach athchúrsáilte i mbuidéil deochanna a liostaítear i gcuid F den Iarscríbhinn; é sin á ríomh ar mheán le haghaidh na mbuidéal deochanna ar fad a chuirtear ar an margadh ar chríoch an Bhallstáit sin.

Faoin 1 Eanáir 2022, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na rialacha maidir leis an spriocanna a bhunaítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ríomh agus a fhíorú. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0904
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.