+Airteagal 8 Freagracht leathnaithe táirgeora
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
---+Airteagal 8 8.
---+Airteagal 8 9.

Airteagal 8 Freagracht leathnaithe táirgeora

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar scéimeanna um fhreagracht leathnaithe táirgeora do gach táirge plaisteach aon úsáide a liostaítear i gCuid E den Iarscríbhinn agus a chuirtear ar mhargadh an Bhallstáit, i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a de Threoir 2008/98/CE.
Airteagal 8 2.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdóidh táirgeoirí na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn I de Chuid E den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo na costais de bhun na bhforálacha maidir le freagracht leathnaithe táirgeora i dTreoir 2008/98/CE agus i dTreoir 94/62/CE agus, a mhéid nach bhfuil siad cumhdaithe cheana, na costais seo a leanas:

(a) 

costais na mbeart múscailte feasachta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Treoir seo maidir leis na táirgí sin;

(b) 

costais bhailithe dramhaíl do na táirgí sin a chaitear amach i gcórais phoiblí bailithe, lena n-áirítear an bonneagar agus oibriú an bhonneagair sin, agus iompar agus cóireáil na dramhaíola sin ina dhiaidh sin; agus

(c) 

na costais a bhaineann leis an mbruscar is toradh ar na táirgí sin a ghlanadh agus an bruscar sin a iompar agus a chóireáil ina dhiaidh sin.

Airteagal 8 3.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdóidh táirgeoirí na dtáirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn II agus Roinn III de Chuid E den Iarscríbhinn na costais seo a leanas ar a laghad:

(a) 

costais na mbeart múscailte feasachta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Treoir seo maidir leis na táirgí sin;

(b) 

na costais a bhaineann le bruscar is toradh ar na táirgí sin a ghlanadh agus an bruscar sin a iompar agus a chóireáil ina dhiaidh sin; agus

(c) 

costais bhailithe agus tuairiscithe sonraí i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 8a(1) de Threoir 2008/98/CE.

Maidir leis na táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn III de Chuid E den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, cumhdóidh na táirgeoirí freisin costais bhailithe dramhaíola na dtáirgí sin a chaitear amach i gcórais phoiblí bailithe, lena n-áirítear an bonneagar agus oibriú an bhonneagair sin, agus iompar agus cóireáil na dramhaíola sin ina dhiaidh sin. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar chostais bonneagar sonrach bailithe dramhaíola na dtáirgí sin a chur ar bun, amhail gabhdáin iomchuí dramhaíola sna teophointí bruscair.

Airteagal 8 4.
Na costais arna gcumhdach, dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, ní rachaidh siad thar na costais atá riachtanach chun na seirbhísí dá dtagraítear iontu a chur ar fáil eatarthu féin ar bhealach costéifeachtach agus déanfaidh na gníomhaithe lena mbaineann iad a bhunú ar bhealach trédhearcach. Beidh na costais ghlanta bruscair teoranta do ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis phoiblí nó thar a gceann. Déanfar modheolaíocht an ríofa a fhorbairt ar bhealach lena mbeifear in ann na costais ghlanta bruscair a bhunú ar bhealach comhréireach. Chun na costais riaracháin a íoslaghdú, féadfaidh na Ballstáit ranníocaíochtaí airgeadais a chinneadh i leith bruscar a ghlanadh suas trí mhéideanna ilbhliantúla seasta iomchuí a shocrú.

Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir le critéir, i gcomhairle leis na Ballstáit, don chostas bruscar a ghlanadh suas dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

Airteagal 8 5.
Saineoidh na Ballstáit, ar bhealach soiléir, róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe ábhartha uile lena mbaineann.

Maidir le pacáistíocht, déanfar na róil agus na freagrachtaí sin a shainiú i gcomhréir le Treoir 94/62/CE.

Airteagal 8 6.
Ceadóidh gach Ballstát do tháirgeoirí atá bunaithe i mBallstát eile agus a chuireann táirgí ar an margadh ar a chríoch, duine dlítheanach nó nádúrtha a cheapadh atá bunaithe ar a chríoch mar ionadaí údaraithe chun oibleagáidí na dtáirgeoirí a chomhlíonadh i ndáil le scéimeanna um fhreagracht leathnaithe táirgeora ar a chríoch.
Airteagal 8 7.
Áiritheoidh gach Ballstát i ndáil le táirgeoir atá bunaithe ar a chríoch, agus a dhíolann táirgí plaisteacha aonúsáide a liostaítear i gCuid E den Iarscríbhinn agus trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach i mBallstát eile nach bhfuil siad bunaithe ann, go gceapfaidh an táirgeoir sin ionadaí údaraithe sa Bhallstát eile sin. Is é an t-ionadaí údaraithe an duine a bheidh freagrach as oibleagáidí an tairgeora sin a chomhlíonadh, de bhun na Treorach seo, ar chríoch an Bhallstáit eile sin.
Airteagal 8 8.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar scéimeanna um fhreagracht leathnaithe táirgeora do threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach arna chur ar mhargadh an Bhallstáit, i gcomhréir le hAirteagail 8 agus 8a de Threoir 2008/98/CE.

Na Ballstáit ag a bhfuil uiscí muirí faoi mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE, socróidh siad íosráta bliantúil náisiúnta bailithe do dhramhthrealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach, ar mhaithe lena athchúrsáil.

Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar threalamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a chuirtear ar mhargadh an Bhallstáit, agus ar dhramhthrealamh iascaireachta a bailíodh agus ina bhfuil plaisteach agus tabharfaidh siad tuairisc don Choimisiún i gcomhréir le Airteagal 13(1) den Treoir seo d’fhonn spriocanna cainníochtúla ceangailteacha de chuid an Aontais a shocrú don bhailiú.

Airteagal 8 9.
Maidir le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bhunaítear de bhun mhír 8 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdóidh táirgeoirí an trealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach na costais a bhaineann le bailiú ar leithligh dramhthrealaimh iascaireachta ina bhfuil plaisteach a seachadadh chuig saoráidí glactha calafoirt leordhóthanacha i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/883 nó chuig córais bhailithe choibhéiseacha atá lasmuigh de raon feidhme na Treorach sin agus na costais a bhaineann lena iompar agus lena chóireáil ina dhiaidh sin. Chomh maith leis sin, cumhdóidh na táirgeoirí na costais a bhaineann leis na bearta múscailte feasachta dá dtagraítear in Airteagal 10 maidir le trealamh iascaireachta ina bhfuil plaisteach.

Forlíontar leis na ceanglais a leagtar síos sa mhír seo na ceanglais is infheidhme maidir le dramhaíl ó shoithí iascaireachta i ndlí an Aontais i dtaca le saoráidí glactha calafoirt.

Gan dochar do na bearta teicniúla a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle ( 5 ), iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt a bhaineann le dearadh ciorclach trealaimh iascaireachta chun an t-ullmhúchán don athúsáid a spreagadh agus chun an in-athchúrsáilteacht ag deireadh a shaolré a éascú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0904
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.