+Airteagal 17 Trasuí
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.

Airteagal 17 Trasuí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.
Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm iad faoin 3 Iúil 2021. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas fúthu láithreach.

Mar sin féin, cuirfidh na Ballstáit na bearta is gá i bhfeidhm chun go gcomhlíonfar

— 
Airteagal 5 ón 3 Iúil 2021,
— 
Airteagal 6(1) ón 3 Iúil 2024,
— 
Airteagal 7(1) ón 3 Iúil 2021,
— 
Airteagal 8 faoin 31 Nollaig 2024 ach, i dtaca le scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora a bunaíodh roimh an 4 Iúil 2018 agus a bhaineann le táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn III de Chuid E den Iarscríbhinn, faoin 5 Eanáir 2023.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear sa mhír seo, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den chineál sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh na modhanna maidir le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 17 2.
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo.
Airteagal 17 3.
Ar choinníoll go mbaintear amach na spriocanna agus na cuspóirí bainistithe dramhaíola a leagtar amach in Airteagal 4 agus Airteagal 8, féadfaidh na Ballstáit na forálacha a leagtar amach in Airteagal 4(1), Airteagal 8(1) agus (8) a thrasuí, seachas a mhéid a bhaineann le táirgí plaisteacha aon úsáide a liostaítear i Roinn III de Chuid E den Iarscríbhinn, trí bhíthin comhaontuithe idir na húdaráis inniúla agus na hearnálacha eacnamaíocha lena mbaineann.

Comhlíonfaidh na comhaontuithe sin na ceanglais seo a leanas:

(a) 

beidh na comhaontuithe infhorfheidhmithe;

(b) 

ní mór na cuspóirí a shonrú sna comhaontuithe in éineacht leis na spriocdhátaí a ghabhann leo;

(c) 

foilseofar na comhaontuithe san iris oifigiúil náisiúnta nó i ndoiciméad oifigiúil a mbeidh an rochtain chéanna ag an bpobal orthu agus tarchuirfear chuig an gCoimisiún iad;

(d) 

déanfar faireachán go rialta ar na torthaí a baineadh amach faoin gcomhaontú, agus déanfar iad a thuairisciú do na húdaráis inniúla agus don Choimisiún agus cuirfear ar fáil don phobal iad faoi na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú;

(e) 

déanfaidh na húdaráis inniúla forálacha chun scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn a baineadh amach faoi chomhaontú; agus

(f) 

i gcás nach gcomhlíontar comhaontú cuirfidh na Ballstáit forálacha ábhartha na Treorach seo chun feidhme trí bhearta reachtacha, rialála nó riaracháin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0904
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.