+IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN




IARSCRÍBHINN

CUID A

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 4 maidir le laghdú tomhaltais

(1) Cupáin le haghaidh deochanna, clúdaigh agus cláir san áireamh;

(2) Coimeádáin bhia, i.e. gabhdáin amhail boscaí, a bhfuil chlúdach orthu nó nach bhfuil, a úsáidtear chun bia a choinneáil, ar bia é:

(a) 

atá ceaptha lena ithe láithreach, ar an láthair nó mar bhia beir leat,

(b) 

arb iondúil gur aníos as an ngabhdán a itear é, agus

(c) 

atá in-ite gan a thuilleadh moille, gan a thuilleadh ullmhúcháin, trína chócaireacht, fhiuchadh nó théamh,

lena n-áirítear coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia nó aon bhia eile atá réidh lena ithe láithreach, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia.

CUID B

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 5 maidir le táirgí a chur ar an margadh a shrianadh

(1) Cipíní cluaise, murab é go gcumhdaítear faoi raon feidhme Threoir 90/385/CEE ón gComhairle ( 6 ) nó Threoir 93/42/CEE ón gComhairle iad ( 7 );

(2) Sceanra (foirc, sceana, spúnóga, cipíní itheacháin);

(3) Plátaí;

(4) Sifíní, murab é go gcumhdaítear faoi raon feidhme Threoir 90/385/CEE nó Threoir 93/42/CEE iad;

(5) Meascthóirí dí;

(6) Maidí atá le ceangal de bhalúin agus atá le tacú le balúin, cé is moite de bhalúin le haghaidh úsáidí agus feidhmeanna tionsclaíocha nó gairmiúla eile agus nach ndáiltear ar thomhaltóirí, lena n-áirítear sásraí na maidí sin;

(7) Coimeádáin bhia déanta as polaistiréin inleathnaithe, i.e. gabhdáin amhail boscaí, a bhfuil clúdach orthu nó nach bhfuil, a úsáidtear chun bia a choinneáil, ar bia é:

(a) 

atá ceaptha lena ithe láithreach ar an láthair nó mar bhia beir leat,

(b) 

arb iondúil gur aníos as an ngabhdán a itear é agus

(c) 

atá réidh lena ithe gan a thuilleadh moille, gan a thuilleadh ullmhúcháin, trína chócaireacht, a fhiuchadh nó a théamh,

lena n-áirítear coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia nó aon bhia eile atá réidh lena ithe láithreach, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia;

(8) Coimeádáin dí déanta as polaistiréin inleathnaithe, a gcaipíní agus a gcláir san áireamh;

(9) Cupáin le haghaidh deochanna déanta as pholaistiréin inleathnaithe, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh;

CUID C

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 6(1) go (4) maidir le ceanglais táirgí

Coimeádáin dí ina dtoillfidh suas le 3 lítear, i.e. gabhdáin a úsáidtear chun leacht a choinneáil, amhail buidéil dí, caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh) agus pacáistíocht dí ilchodach, a gcaipíní agus a gcláir san áireamh, ach ní:

(a) 

na coimeádáin dí de ghloine nó de mhiotal a bhfuil na caipíní agus na cláir déanta as plaisteach,

(b) 

deochanna coimeádáin atá ceaptha agus a úsáidtear le haghaidh bia chun críocha speisialta míochaine, mar a shainmhínítear i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) agus atá i bhfoirm leachtach.

CUID D

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 7 maidir le ceanglais mharcála

(1) Pillíní sláintíocha, súitíní agus forchuradóirí súitíní;

(2) Ceirtíní taise, i.e. ceirtíní cúraim phearsanta agus ceirtíní tí réamhfhliuchta;

(3) Táirgí tobac le scagairí agus scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac;

(4) Cupáin le haghaidh deochanna.

CUID E

I.    Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 8(2) maidir le freagracht leathnaithe táirgeora

(1) Coimeádáin bhia, i.e. gabhdáin amhail boscaí, a bhfuil clúdach orthu nó nach bhfuil, a úsáidtear chun bia a choinneáil, ar bia é:

(a) 

atá ceaptha lena ithe láithreach, ar an láthair nó mar bhia beir leat,

(b) 

arb iondúil gur aníos as an ngabhdán a itear é, agus

(c) 

atá réidh lena ithe gan a thuilleadh moille, gan a thuilleadh ullmhúcháin, amhail trína chócaireacht, trína fhiuchadh nó trína théamh,

lena n-áirítear coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia nó aon bhia eile atá réidh lena ithe láithreach, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia;

(2) Paicéid agus cumhdaigh, atá déanta as ábhar solúbtha, ina bhfuil bia atá ceaptha lena ithe láithreach ón bpaicéad nó cumhdach gan tuilleadh ullmhúcháin;

(3) Coimeádáin dí ina dtoillfidh suas le 3 lítear, i.e. gabhdáin a úsáidtear chun leacht a choinneáil, amhail buidéil dí (caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh) agus pacáistíocht dí ilchodach (caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh) ach ní na coimeádáin dí de ghloine agus de mhiotal a bhfuil na caipíní agus na cláir déanta as plaistigh;

(4) Cupáin le haghaidh deochanna, clúdaigh agus cláir na mbuidéal san áireamh;

(5) Málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma, mar a shainmhínítear i bpointe 1c d’Airteagal 3 de Threoir 94/62/CE.

II.    Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 8(3) maidir le freagracht leathnaithe táirgeora

(1) Ceirtíní taise, i.e. ceirtíní cúraim phearsanta agus ceirtíní tí réamhfhliuchta;

(2) Balúin, cé is moite de bhalúin le haghaidh úsáidí agus feidhmeanna tionsclaíocha nó gairmiúla eile nach ndáiltear ar thomhaltóirí.

III.    Táirgí plaisteacha aon úsáide eile a chumhdaítear le hAirteagal 8(3) maidir le freagracht leathnaithe táirgeora

Táirgí tobac le scagairí agus scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac.

CUID F

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 9 maidir le bailiú ar leithligh agus le hAirteagal 6(5) maidir le ceanglais táirge

Buidéil dí ina dtoillfidh suas le 3 lítear, agus caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh, ach:

(a) 

ní na coimeádáin dí de ghloine agus de mhiotal agus sin a bhfuil na caipíní agus na cláir déanta as plaistigh,

(b) 

ní buidéil dí atá ceaptha agus a úsáidtear le haghaidh bia chun críocha speisialta míochaine, mar a shainmhínítear i bpointe (g) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 agus atá i bhfoirm leachtach.

CUID G

Táirgí plaisteacha aon úsáide a chumhdaítear le hAirteagal 10 maidir le múscailt feasachta

(1) Coimeádáin bhia, i.e. gabhdáin amhail boscaí, a bhfuil clúdach orthu nó nach bhfuil, a úsáidtear chun bia a choinneáil, ar bia é:

(a) 

atá ceaptha lena ithe láithreach ar an láthair nó mar bhia beir leat,

(b) 

arb iondúil gur aníos as an ngabhdán a itear é, agus

(c) 

atá réidh lena ithe gan a thuilleadh moille, gan a thuilleadh ullmhúcháin, amhail trína chócaireacht, a fhiuchadh nó a théamh,

lena n-áirítear coimeádáin bhia a úsáidtear le haghaidh mearbhia nó aon bhia eile atá réidh lena ithe láithreach, cé is moite de choimeádáin dí, plátaí agus paicéid agus cumhdaigh ina bhfuil bia;

(2) Paicéid agus cumhdaigh, atá déanta as ábhar solúbtha, ina bhfuil bia atá ceaptha lena ithe láithreach ón bpaicéad nó cumhdach gan tuilleadh ullmhúcháin;

(3) Coimeádáin dí ina dtoillfidh suas le 3 lítear, i.e. gabhdáin a úsáidtear chun leacht a choinneáil, amhail buidéil dí, agus caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh, agus pacáistíocht dí ilchodach, caipíní agus cláir na mbuidéal san áireamh, ach ní na coimeádáin dí de ghloine nó de mhiotal sin a bhfuil na caipíní agus na cláir déanta as plaistigh;

(4) Cupáin le haghaidh deochanna, a gclúdaithe agus a gcláir san áireamh;

(5) Táirgí tobac le scagairí agus scagairí a chuirtear ar an margadh lena n-úsáid in éineacht le táirgí tobac;

(6) Ceirtíní taise, i.e. ceirtíní cúraim phearsanta agus tí réamhfhliuchta;

(7) Balúin, cé is moite de bhalúin le haghaidh úsáidí agus feidhmeanna tionsclaíocha nó gairmiúla eile agus nach ndáiltear ar thomhaltóirí;

(8) Málaí siopadóireachta plaisteacha éadroma, mar a shainmhínítear i bpointe 1c d’Airteagal 3 de Threoir 94/62/CE;

(9) Pillíní sláintíocha, súitíní agus forchuradóirí súitíní.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0904
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.